Triantán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí PolytopeTriantán
Cineálbicentric polygon (en) Aistrigh, aonphléacs, tritope (en) Aistrigh, polagán agus planar generalized triangle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Grua an pholatóiptaobh (3) Cuir in eagar ar Wikidata
Fíor stuaiceline segment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eilimintí
Imill 3
Rinn 3
Bunanna
Airde Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
digon (en) Aistrigh agus line segment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MathWorldTriangle Cuir in eagar ar Wikidata
Triantán

Is cruth le trí taobhanna agus trí uillinn é triantán. Sa mhatamaitic, fíor phlánach, teorannaithe ag 3 líne dhíreach (na taobhanna). Más ionann an 3 thaobh, is triantán comhshleasach é. Más ionann dhá thaobh, is triantán comhchosach é. Thaispeáin na Gréagaigh go raibh suim na n-uillinneacha sa triantán cothrom le dhá dhronuillinn. Má bhíonn an uillinn is mó sa triantán níos lú ná dronuillinn, deirtear gur corrshleasach an triantán é. Más dronuillinn an uillinn is mó sa triantán, is triantán dronuilleach é agus feidhm le teoirim Phíotágaráis ann. Is triantán sféarúil triantán a tharraingítear ar dhromchla sféir, rud a dhéantar go minic i loingseoireacht. Ina leithéid de thriantán ní bhíonn suim na n-uillinneacha cothrom le dhá dhronuillinn. Mar shampla, is féidir triantán sféarúil a tharraingt le dhá rinn ar an meanchiorcal is an rinn eile ag an mol, agus suim na n-uillinneacha cothrom le 3 dhronuillinn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triantán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 677.