Traidisiún Liteartha na nGael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leabhar é Traidisiún Liteartha na nGael a foilsíodh sa bhliain 1979 ag An Clóchomhar. J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa a scríobh. Is aistriúchán atá sa leabhar seo ar Traddodiad llenyddol Iwerddon (Traidisiún Liteartha na hÉireann) a céadscríobhadh sa bhliain 1958. Is é atá sa leabhar seo ná cuntas ar thraidisiún liteartha na nGael ón tús anuas, mar aon le tagairtí don taighde ar an traidisiún sin atá déanta ag scoláirí le breis agus céad bliain. Tugtar cur síos ann ar scéalaíocht na Sean-Gaeilge, ar an bhfile, ar thionchair iasachta ar éagsúlacht na litríochta agus ar an bhforbairt agus ar an athrú a d'imigh ar an litríocht sin le himeacht aimsire. Is é 28ú himhleabhar sa tsraith Leabhair Thaighde. Rinneadh aistriúchán air go Béarla sa bhliain 1992 faoin teideal The Irish Literary Tradition.