Tomás Mac Gearalt, 10ú Iarla Chill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tomás Mac Gearailt)
Jump to navigation Jump to search
Tomás an tSíoda ag ionsaí ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Duine uasal mór le rá i stair na hÉireann sa 16ú haois ab ea Tomás Mac Gearalt, 10ú Iarla Chill Dara, (1513–1537) nó Tomás an tSíoda mar a Ghaelaítear a leasainm. Mac le Gearóid Óg Mac Gearailt a bhí ann, d’éirigh sé amach in aghaidh rialtas na Breataine sa bhliain 1534 san eachtra a thugtar Éirí Amach Thomáis an tSíoda air.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Tomás Mac Gearailt cuid mhaith dá luath-shaol thall in Sasana. Cé gur col ceathracha iad a mháthair Elizabeth Zouch agus Rí Anraí VII na Breataine, is beag maitheas a rinne sé chun an síor-theannas idir Anraí agus na Gearaltaigh a laghdú. Nuair a ordaíodh a athair Gearóid Óg go Londain chun dul os comhair an Rí, ceapadh Tomás ina Leas-Ionadaí san idirlinn.

Gríosaíodh chun gnímh é i mí an Mheithimh na bliana 1534 nuair a chuala sé ráflaí ag tabhairt le fios go raibh a athair curtha chun báis i dTúr Londan ag an Rí agus go mbeadh an pionós céanna i ndán dó féin agus do dheartháireacha a athar. Mar fhreagra, thionól Tomás an Chomhairle i Mainistir Mhuire i lár na cathrach ar an 11 Meitheamh. Mharcaigh seisean agus 140 comrádaí dá chuid cliathánach leis isteach sa mhainistir agus d’fhógair sé go poiblí go raibh a dhílseacht á chur ar neamhní acu. Glaodh Tomás an tSíoda air as seo amach, mar gheall ar an phaiste síoda a bhí á chaitheamh orthu ar imeall a gclogad.

D’ionsaigh sé Caisleán Bhaile Átha Cliath ach cloíodh iad gan mórán stró. Thug Tomás ordú dá thrúpaí an Ardeaspag John Alen a chur chun báis agus é i mbun iarracht idirghabhála i gCluain Tarbh, rud a mhillfeadh tacaíocht ar bith a bheadh ar fáil ón eaglais. De réir traidisiún seanbhunaithe, míthuiscint a bhí ann. Thug Tomás ordú sa Ghaeilge mo dhuine a ghlasáil suas ach bhain a fhir míniú mícheart as.

Bhí sláinte a athar ag dul chun donais san idirlinn sa Túr agus cailleadh é faoi ghlas ar an 2 Deireadh Fómhair. Bheadh Tomás ina iarla mar thoradh, ach ní bhfuair sé aitheantas oifigiúil ón gCoróin. Ruaigeadh as Baile Átha Cliath iad agus chúlaíodar siar chomh fada lena dhaingean féin i gCaisleán Mhaigh Nuad. Níorbh fhada a bhíodar slán sábháilte ann ná gur ghlac aonad de chuid na Sasanach faoi cheannas Sir William Skeffington seilbh ar an mbaile i mí Mhárta 1535. Ní raibh an dara rogha ag garastún an bhaile ach géilleadh lom láithreach. Chuir na Sasanaigh gach mac máthar chun báis. Baisteadh "Pardún Mhaigh Nuad" ar an eachtra siúd.

Ba léir anois nach mbeadh an tacaíocht a bhí Tomás ag súil leis - agus ag braith ar - ag teacht chun cinn. Ghlac sé leis go mbuafadh sé tacaíocht na hEaglaise Caitlicí ach go háirithe, a bhí glan i gcoinne Reifirméisean Anraí VIII. Chuir polasaí fríth-Phápach Anraí bac ar an Liútarachas chomh maith, áfach, agus níor coinnealbhádh Anraí go dtí trí bliana ní ba dhéanaí.

I mí Iúil sa bhliain chéanna, tháinig an Tiarna Leonard Grey i dtír in Éirinn ó Shasana agus rinneadh Fear Ionaid de. Ós rud é go raibh drochbhail ar airm Thomás agus go raibh a chomhghuaillithe ag géilleadh de réir a chéile, d'iarr sé ar an Tiarna Grey a phardún a ghlacadh. Namhaid suntasach a bhí ann fós agus ní raibh sé ar intinn ag Grey coimhlint fhada a choinneáil ar siúl. Gheall sé slándáil pearsanta Thomás má ghéillfeadh sé gan choinníoll.

Níor chloígh an Tiarna Grey lena ghealltanas ar chor ar bith, áfach, agus díbríodh Tomás Mac Gearailt mar phríosúnach go dtí Túr Londan i mí Dheireadh Fómhair 1535. Crochadh eisean agus cúigear dá uncail ar an 3 Feabhra 1537 ag Tyburn, Londain. Baineadh a chloigeann de agus cuireadh an chuid eile dá chorp.

D'fhág éirí amach Thomás an tSíoda a rian ar rialtas na Breataine. Leag Anraí VIII béim úr nua ar chúrsaí na hÉireann as seo amach, rud a chur go mór le bhunú Ríocht na hÉireann sa bhliain 1542. Cuireadh srianta nua ar chumhachtaí na bhFear Ionaid agus cuireadh an polasaí nua Géilleadh agus Athbhronnadh ar bhun.