Tinvaal
Sonraí | |
---|---|
Cineál | reachtas an dá sheomra |
Codanna | |
Suíomh gréasáin | http://www.tynwald.org.im/ |
Is reachtas Oileán Mhanann (Ellan Vannin) é an Tinvaal, nó ní b'fhoirmiúla Ard-whaiyl Tinvaal (Gaeilge:Ard-Chúirt Tinvaal) nó Cúirt Tinvaal. Córas dhá sheomra atá ann, ar a dtugtar brainsí den Tinvaal: Yn Kiare as Feed (Teach na nEochracha) a toghadh go díreach agus Yn Choonceil Slattyssagh (An Chomhairle Reachtaíochta) a roghnaítear go hindíreach. Nuair a shuíonn an dá sheomra le chéile, tugtar "Ard-whaiyl Tinvaal" air.
Maítear gurb í an pharlaimint is faide ar domhan a thagann le chéile go leanúnach, cé go bhfuil tíortha eile ann a mhaíonn an rud céanna. Is cosúil gur sa bhliain 979 a tosaíodh í. Cé go ndearna muintir Mhanainn comóradh na mílaoise ar bhunú an Tinvaal sa bhliain 1979, deir daoine go raibh an Tinvaal ar bun níos luaithe fós.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Oileán Mhanann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |