Tinte coille san Astráil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ag féachaint i dtreo Swifts Creek in Victoria i Mí na Nollag 2006 i rith shéasúr na dtinte coille in 2006-07.

Is minic a bhíonn tinte coille san Astráil agus rinne siad athrú mór ar an tír ar feadh na millíún bliain. Is beag cuid den domhan is mó a raibh dóiteán ann ná oirthear na hAstráile agus fuair coillte eoclaipe na tíre cothú ó na tinte de bharr na héabhlóide. Mar sin féin, thig leis na tinte maoin a scrios agus daoine nó ainmhithe a mharú.

Is iondúil go mbíonn teas an-mhór, bogthaise íseal agus gaoth ard ann roimh na tinte, rudaí a thagann le chéile chun an timpeallacht is fearr a chruthú chun tine a mhéadú.[1] Is minic a ainmnítear stoirmeacha tine as an lá ar tharla siad, go háirithe na cinn a leanas: Black Saturday in 2009 in Victoria (maraíodh 173 duine agus dódh 2,000 teach); Ash Wednesday in 1983 in Victoria agus san Astráil Theas (maraíodh 75 duine, dódh beagnach 1,900 teach); Black Friday in 1939 in Victoria (maraíodh 71 duine agus dódh 650 teach), Black Tuesday in 1967 sa Tasmáin (maraíodh 62 duine agus dódh beagnach 1,300 teach); agus tinte Gippsland agus Black Sunday in 1925-6 in Victoria (maraíodh 60 duine le dhá mhí).[2] I measc na dtinte móra eile tá tinte Black Thursday in 1851, tinte na mblianta 2006–07, tinte na mblianta 1974-75 a dhóigh 15% den tír agus tinte na mblianta 2019–20.[3] I Mí Eanáir 2020 measadh gur dódh os cionn 1 billiún ainmhí sna tinte úd.[4]

Tá an tír ag triomú le 15 milliún bliain, rud is cúis le héiceolaíocht agus le timpeallacht a bheith ann a théann trí thine gan dua agus le hainmhithe agus plandaí a bheith ann a bhfuil taithí acu ar an tine. Tá cuid de na plandaí ag brath ar an tine chun iad féin a shíolrú. Bhaineadh na Bundúchasaigh tairbhe as an dóiteán chun an tír a ghlanadh mar áis sealgaireachta agus tá páirceanna náisiúnta agus seanchoillte ann anois ar gá iad a chaomhnú le cúnamh an dóiteáin. Deirtear go dtiocfaidh na tinte níos minice de thoradh an téimh dhomhanda.

Roimh theacht na nEorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an taighdeoir Tim Flannery (The Future Eaters) tá tine ar na fórsaí is tábhachtai i dtimpeallacht na hAstráile. Tá plandaí ann a bhfuil bealaí acu chun teacht slán ó thine coille nó a bhfuil gá acu léi chun bachlóga eipeachormánacha agus tiúbair adhmaid a mhúscailt. Tá síolta frith-thine nó tine-mhúscailte acu, nó tá olaí inlasta ina gcuid duilleog acu, rud a chuideodh le crainn eoclaipe agus a mbeadh speicis eile thíos leis.[5] Chonaic na chéad taiscéalaithe Eorpacha deatch i mórán áiteanna. Chonaic an taiscéalaí Ísiltíreach Abel Janszoon Tasman agus a chriú deatach ar chósta na Tasmáine in 1642 agus thóg siad ceann do chrainn dhóite agus do chré bhruite sna coillte. Fad is a bhí foireann an Chaptaein James Cook ag mapáil an chósta thoir, chonaic siad tinte sna coillte an t-am ar fad beagnach.[6]

Uaireanta bhí cúiseanna nádúrtha leis na tinte seo. Uaireanta lasadh d’aonghnó iad. I mórán réigiún chuireadh Bundúchasaigh an féarach trí thine chun fás an fhéir a ghríosú agus cangarúnna nó ainmhithe eile a ramhrú agus chun prátaí coille[7] agus plandaí ísle eile a chur ag fás. Ag amanna áirithe den bhliain dhéanfaí bearnaí tine ar eagla na dtinte coille.[6] I lár na hAstráile d’úsáid siad an dóiteán ar feadh na mílte bliain chun an tír a riar.[8]

Deir Flannery gur tarraingíodh tubaiste ar an tír nuair a bhain na hEorpaigh riar na tine de na Bundúchasaigh.[9] Tréigeadh na sean-nósanna dóiteáin agus agus cuireadh béim ar thinte a mhúchadh. Dúirt staidéar a rinneadh in 2001 gurb é an toradh a bhí ar neamart a dhéanamh sna sean-nósanna agus ar lómánaíocht gan srian, tinte móra coille a bheith coitianta i mórán áiteanna, go háirithe sa séasúr tirim.[10] Dhéanadh na Bundúchasaigh dóiteán ag amanna cuí i rith na bliana agus nuair a bhíodh an aimsir oiriúnach chuige. D’fhág seo go mbeadh dóiteán maolaithe ann agus gur bheag an baol go ndófaí barr na gcrann. Rinne na patrúin thraidisiúnta dóiteáin an méid speiceas a mhéadú in áiteanna áirithe, toisc gur dócha go bhfágfadh an dóiteán limistéar ina dhiaidh a bhí breac le plandaí a dhóití ag amanna difriúla. Is léir gurbh iad nósanna dóiteáin na mBundúchasach ba mó a chaomhnaigh timpeallacht oscailte a bhí lán de chrainn scoite agus d’fhéar. Nuair a stad siad den dóiteán d’fhás casarnach agus scrobarnach in áiteanna nach raibh siad le fáil roimhe sin.[11]

De réir staidéir a rinneadh in 2017, nuair a leag Eorpaigh crainn fhásta sna coillte b’fhéidir gurbh é sin ba chúis le toir a fhás go forleathan ann, rud a chothaíonn tinte.[12] In Queensland tugadh féar gamba (Andropogon gayanus) isteach mar bhia d’eallach in 1942 agus cuireadh go forleathan ó 1983 i leith é. Ach thig leis tinte móra a chothú, rud is cúis le dochar fadtréimhseach a dhéanamh don timpeallacht.[13][14]

An ré choilíneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pictiúr de na tinte coille in 1851 ar “Black Thursday” in Victoria

Chuir aeráid the agus tinte gaofara coille na hAstráile imní agus uafás ar lonnaitheoirí Eorpacha. In 1851 rinne na tinte slad ar chúig mhillún heicteár in Victoria; mharaigh siad timpeall dháréag daoine in éineacht le milliún caora agus na mílte beithíoch.[15][16]

Rinne na lonnaitheoirí iarracht ar a nósanna feirmeoireachta a chur in oiriúint don tír nua: chuir siad barraí glasa ag fás timpeall a gcuid cruach féir, rinne siad bearnaí tine timpeall na bpáirceanna, d’éirigh siad an-aireach agus iad ag dó coinligh agus crann díchoirtithe.[17] Ach bhí tinte móra ann i gcónaí, leithéidí na dtinte a tháinig in 1898 in Gippsland Theas in oirthear Victoria ar “Red Tuesday”. Dhóigh siad 260,000 heicteár agus breis is 2,000 foirgneamh.[18]

Ó chónascadh na stát (1901) i leith[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tinte móra coille ann ar feadh an 20ú haois. Maraíodh níos mó daoine agus scriosadh níos mó maoine de thoradh na dtinte de réir mhéadú an daonra agus leathadh na cathrach isteach sna coillte.[19]

Le deich mbliana anuas nó mar sin tugadh ceadúnais rialtais chun cláir coiscthe tine a chur ar siúl ar thailte Bundúchasacha i dtuaisceart na hAstráile. Sa réigiún sin déantar an chasarnach atá mar bhreosla ag tinte a dhó de réir an mhonsúin. Dóitear an talamh ó phaiste go paiste le tinte “fionnuara” i rith an luathshéasúir thirim idir Mí Mhárta agus Mí Iúil.[20] Thosaigh na cláir seo sna 1980idí agus sna 1990idí nuair a tháinig na Bundúchasaigh ar ais go dtí a dtailte féin. Dhóigh tinte coille sa tuaisceart 57% níos lú acra in 2019 ná mar a rinne siad idir 2000 agus 2010.[21]

Dúirt Oliver Costello ón Indigenous Firesticks Alliance gur lú an meas atá ar riar tine Bundúchasach sa deisceart ná sa tuaisceart. I limistéar an Kimberley reáchtálann an Chomhairle Talún cruinnithe chun a dheimhniú go bhfuil na daoine cearta i mbun dóiteáin. Socraíonn an grúpa na línte dóiteáin ach is iad na maoirseoirí fiadhúlra Bundúchasacha a lasann na tinte le cabhair ó theicneolaíocht a sholáthraíonn tuairiscí ar an aimsir agus aird á tabhairt ar dhála an lae. Deir Costello: “There’s no investment really outside of northern Australia Indigenous fire management of any significance."[22]

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Adhaint, breosla agus gaoth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tintreach is cionsiocair leis an gcuid is mó de thinte ar an iargúil.[23][24] Rud eile is cionsiocair leo línte cumhachta a leagan nó stuanna leictreacha a theacht as na línte i ngaoth ard. Na tinte a lastar de thoradh coirloisceoireachta nó neamhchúraim is iondúil go mbíonn siad le fáil in áiteanna ar furasta teacht orthu agus cuirtear srian leo gan mhoill. Is iomaí tine a thosaigh de thoradh drithlí as feithiclí feirme nó gléasra (líomhadóirí nó táthairí), tinte campaí, toitíní (uaireanta), agus dóiteáin rialaithe a théann ar seachrán ó bhearnaí tine. Faightear breosla i gcrainn, i gcasarnach agus i bhféar, agus soláthraíonn an ghaoth breis ocsaigine.

Is féidir le tinte móra a ghaoth féin a dhéanamh. Eascraíonn an ghaoth sin ó na cuilithí a dhéantar le teas na gréine, agus nuair a chlaontar na cuilithí seo ó phlána cothrománach go dtí plána ingearach déantar sí gaoithe a fhéadann craobhacha agus smionagar laomtha a chaitheamh achar mór uathu.[25]

Braitheann caoiríl na tine agus a luas ar an teocht thimpeallach, an méid breosla, taise an bhreosla, luas na gaoithe agus an fhána.[26]

  • Tá an breosla déanta de choirt scaoilte, de dhuilleoga tirime agus de chraoibhíní, agus dónn sé níos fíochmhaire má tá sé cruinnithe le chéile gan a bheith ró-dhlúth. Dónn píosa beaga breosla, leithéidí cipíní, go gasta; is minic a dhónn píosaí móra, leithéidí corp crainn, tar éis go n-imíonn an fronta dóiteáin ar aghaidh.[26]
  • B’fhéidir nach ndófadh breosla tais ar chor ar bith. Is maith an comhartha ar chontúirt tine an t-achar a bhí ann ó thit aon bháisteach agus an méid báistí a bhí ann.[26]
  • Tiománann an ghaoth an tine trí lasracha a shéideadh isteach i mbreosla nua agus trí ocsaigin a sholáthar. Chomh maith leis sin, lasann sí tinte nua trí aibhleoga a spré in airde i dtreo go bhféadann siad tinte nua a adhaint suas le 30 ciliméadar as sin le cóir na gaoithe. Má an ghaoth níos luaithe ná timpeall 15 ciliméadar san uair tagann neart mór i dteas agus i luas na tine. Má théann an tine in athrach treo is féidir le ciumhais an dóiteáin leathadh.[26]
  • Dá airde an teocht is ea is dóichí go dtosóidh tine nó go leanfaidh sí uirthi ag dó. Is gaire an breosla dá phointe adhainte agus teocht ard ann, agus is gasta a dhónn breosla réamhthéite.[26]
  • Tá tábhacht le bogthaise choibhneasta sa mhéid go bhfuil sé níos fusa ag plandaí dul trí thine i mbogthaise íseal toisc go scaoileann siad a gcuid taise níos éasca.[26]
  • Déanann tinte a gcuid breosla a réamhthéamh le radaíocht agus le comhiompar. Dá bhrí sin déanann siad luas a ghéarú i gcoinne aird agus luas a mhaolú le fána. Tá tábhacht le géire na fána. Méadaíonn luas an dóiteáin faoi dhó de réir gach 10% de mhéadú ar ghéire na fána, i dtreo go mbíonn a luas ceithre huaire níos mó ar fhána fiche céim ná ar thalamh comhréidh.[26]

Athrú aeráide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Théigh aeráid na hAstráile níos mó ná céim amháin Celsius le céad bliain anuas, rud ba chúis le méadú ar iomadúlacht agus ar dhéine na dtriomach agus na dtonnta teasa.[27] Ón mbliain 2005 i leith a tharla ocht gcinn de na blianta is teo a taifeadadh san Astráil.[28] Dúirt staidéar a rinneadh ag Ollscoil Melbourne in 2018 gur dócha go bhfuil na triomaigh mhóra a tharla i ndeisceart na hAstráile go déanach sa 20ú haois agus go luath sa 21ú haois “without precedent over the past 400 years".[29] Tháinig méadú ar an meánteocht samhraidh ar fud na tíre,[30] agus níor taifeadadh riamh aon séasúr ba theo ná tús an tsamhraidh in 2019.[31] Ba í an bhliain 2019 an bhliain ba thirime san Astráil ó 1900 i leith agus an bháisteach 40% níos ísle ná an meánmhéid.[32]

Déanann tonnta teasa agus triomaigh an chasarnach a thriomú agus géaraíonn riosca an dóiteáin. D’éirigh an scéal níos measa le tríocha bliain anuas.[33] Ó lar na 1990idí i leith tháinig laghdú 15% ar an mbáisteach i ndeireadh an Fhómhair agus i dtús an gheimhridh agus laghdú 25% ar an meánbháisteach i Mí Aibreáin agus i Mí na Bealtaine.[34]

Tá sé ráite ag an bPainéal Idir-rialtais um Athrú Aeráide gurbh fhéidir a bheith cinnte go ndéanfadh athrú antrapaigineach aeráide iomadúlacht agus déine na dtinte a mhéadú san Astráil, tuairim a dheimhnigh a lán tuairiscí eile ó shin.[27]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The worst bushfires in Australia’s history; 3 Nov 2011; Australian Geographic]
  2. The worst bushfires in Australia’s history; 3 Nov 2011; Australian Geographic]
  3. "'Extraordinary' 2019 ends with deadliest day of the worst fire season" (en).
  4. Estimated 1.25 billion animals killed in Australian bushfires, TV10, 10 January 2020
  5. White, Mary E. & Frazier, Jim. The Greening of Gondwana. Reed Books (athchló), 1994. ISBN: 0730104753.
  6. 6.0 6.1 Blainey, Geoffrey (2015). The Story of Australia's People: The Rise and Fall of Ancient Australia: Volume 1. Penguin. 2015: lgh 50-51. ISBN: 978-1-76014-103-5
  7. Ipomoea costata, athair dhúchasach i dtuaisceart na hAstráile a bhfuil tiúbair inite aici.
  8. "The Fire Book". Tangentyre Landcare. 2005. É curtha i gcartlann ar an 27 Feabhra 2015.
  9. Flannery, Tim. The Future Eaters: An Ecological History of the Australasian Lands and People, Grove Press 2002
  10. Ward, D.J., Lamont, B.B. & Burrows, C.L. (2001), "Historical role of fire": http://learnline.cdu.edu.au/units/env207/introduction/history.html
  11. Jim Kohen, “The Impact of Fire: An Historical Perspective” (páipéar a léadh ag an 17ú seimineár débhliantúil de chuid SGAP i gColáiste Robert Menzies, Sydney, 1993): http://www.anpsa.org.au/APOL3/sep96-1.html
  12. "Relationships between mature trees and fire fuel hazard in Australian forest" (15 June 2018). International Journal of Wildland Fire 27 (5): 353–362. doi:10.1071/WF17112. 
  13. "Gamba grass (Andropogon gayanus)". A–Z listing of weeds: Photo guide to weeds.
  14. Lesley Head, Jennifer Atchison. 2015. Governing invasive plants: Policy and practice in managing the Gamba grass (Andropogon gayanus) – Bushfire nexus in northern Australia. Land Use Policy 47: 225–234
  15. Blainey, ibid., lgh 386-387
  16. Forest Fire Management Victoria - Past bushfires; www.ffm.vic.gov.au; online 19 Jan 2020
  17. Blainey, ibid., lch 387
  18. Forest Fire Management Victoria - Past bushfires; www.ffm.vic.gov.au; online 19 Jan 2020
  19. Mr N. P. Cheney, CSIRO Division of Forestry; BUSHFIRES - AN INTEGRAL PART OF AUSTRALIA'S ENVIRONMENT; The Year Book of Australia 1995: www.abs.gov.au
  20. Right fire for right future: how cultural burning can protect Australia from catastrophic blazes, The Guardian, 18 Eanáir 2020
  21. Reducing fire, and cutting carbon emissions, the Aboriginal way, NZ Herald, 17 Eanáir 2020
  22. Right fire for right future: how cultural burning can protect Australia from catastrophic blazes, The Guardian, 18 Eanáir 2020
  23. "We crunched the numbers on bushfires and arson — the results might surprise you".
  24. "Some Coalition MPS say arson is mostly to blame for the bushfire crisis. Here are the facts".
  25. How Wildfires Work, Kevin Bonsor, How Stuff Works
  26. 26.0 26.1 26.2 26.3 26.4 26.5 26.6 Geoscience Australia: Bushfire: https://www.ga.gov.au/scientific-topics/community-safety/bushfire
  27. 27.0 27.1 "Australia's Angry Summer: This Is What Climate Change Looks Like".
  28. Australia bushfires spew two-thirds of national carbon emissions in one season, Stuff, 3 Eanáir 2019
  29. Recent Australian droughts may be the worst in 800 years, The Conversation, 2 Mí na Bealtaine 2018.
  30. The facts about bushfires and climate change, Climate Council, 13 Mí na Samhna 2019
  31. Climate of the Nation2019, The Australia Institute, lch 3.
  32. Explainer: what are the underlying causes of Australia's shocking bushfire season? The Guardian, 12 Eanáir 2020
  33. "Bushfire weather in Southeast Australia: Media Brief", The Climate Institute, 26 Meán an Fhómhair 2007.
  34. The Facts about Bushfires and Climate Change, Climate Council, 13 Mí na Samhna 2019