Timréiteach
Cuma
Is éard atá i gceist leis an timréiteach ná a bheith ag dul timpeall ar rud. Nuair nach n-éiríonn leis an réiteach a chéadcheapadh is féidir brath ar an timréiteach leis an scéal a leigheas – ar feadh tamaillín ar aon chaoi. Dála ‘timchuairt’, ‘timthriall’, ‘timchaint’ agus ‘timpeall’ féin, baineann an ‘timréiteach’ le bheith ag dul timpeall ar rud.[1]