Timo K. Mukka
Ainm sa teanga dhúchais | (fi) Timo Kustaa Mukka |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 17 Nollaig 1944 Bollnäs, An tSualainn |
Bás | 27 Márta 1973 28 bliana d'aois Rovaniemi, An Fhionlainn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Academy of Fine Arts of Helsinki (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, file, scríbhneoir, scríbhneoir scripte |
Teangacha | An Fhionlainnis |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | kirjasto.sci.fi… |
|
Údar Fionlannach a bhí i Timo Kustaa Mukka (17 Nollaig 1944 – 27 Márta 1973) a scríobh faoi shaol na ndaoine sa Laplainn .
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Timo Mukka i mBollnäs sa tSualainn áit a raibh a theaghlach aslonnaithe le linn Chogadh na Laplainne. Chaith sé a óige i sráidbhaile Orajärvi i mbardas Pello i dtuaisceart na Fionlainne. Den chuid is mó, bhí Críostaithe Laestadianist agus cumannaithe ina gcónaí sa sráidbhaile, rud a chuaigh i bhfeidhm ar fhorbairt cruinneshamhlacha Mhukka.
Nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, tholg sé meiningíteas agus cé gur tháinig sé slán ón tinneas, d'fhulaing sé tinneas cinn troma as seo go ceann ceithre bliana. Le linn an ama sin d'athraigh a phearsantacht ó bhonn agus rinne sé iarracht fiú lámh a chur ina bhás féin.
Gairm bheatha agus saol níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh sé ag scríobh agus gan é ach trí bliana déag d'aois, agus ní raibh fiche bliain slánaithe aige nuair a bhí a chéad úrscéal, “Maa on syntinen laulu” (Gaeilge: "Is amhrán peacach é an talamh"), le feiceáil i gcló. Rinne sé cur síos ar an mbochtaineacht sa Laplainn chomh maith le peirspictíochtaí cúnga a mhuintire, agus mar sin, ba bheag aird a bhí ag a chomharsa ar a chuid saothar ná ar an bhfear féin. [1]
Fuair sé bás de thaom croí gan é ach ocht mbliana is fiche d'aois.