Triath nan Eilean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tighearnas nan Eilean)
Infotaula de càrrec políticTriath nan Eilean
SealbhóirWilliam, prionsa na Breataine Bige
Stáitan Ríocht Aontaithe
Cruthú875

Teideal uaisleachta na hAlban le fréamhacha stairiúla taobh amuigh de Ríocht na hAlban sa Mheánaois ab ea Triath nan EileanRìgh Innse Gall.

Somhairle Mac Gille Brìdhde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 12ú haois, bhí Somhairle Mac Gille Brìdhde (?1117-1164) ina thiarna cogaidh tábhachtach. De réir na béalaithrise, ba Lochlannach é athair Shomhairle, ach ba bhean Ghaelach a mháthair. Sa bhliain 1140, phós Somhairle Raghnailt, iníon Olaf Ruaidh, rí Oileán Mhanann agus na nOileán. Sa bhliain 1156, bhuaigh Somhairle ar Ghoraidh Dubh, mac Olaf Ruaidh agus rí Lochlannaigh nan Eilean, agus fuair sé Inse Gall agus Eilean Mhanainn faoi smacht. Ach bhí Somhairle ag iarraidh fearann ar an mórthír freisin. Sa bhliain 1164, bhí Somhairle i mbun feachtais in Earra-Ghàidheal agus bheartaigh sé ionsaí a dhéanamh ar an Rinn Friú, ach d'fheall agus maraíodh Somhairle ag a dhámhach féin. Nuair a d’éag Somhairle fuair mac Shomhairle, Dùghall agus a bheirt gharmhac, Ruairidh agus Dòmhnalll, an ríocht agus bhunaigh gach duine acu a chlann féin: fuair Dòmhnall agus a chlann Ìle, agus sa 14ú haois ba iad Clann Dòmhnaill an cine ba thábhachtaí.

Blàr na Leargaidh Gallda (1263)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Aonghas Mòr MacDhòmhnaill, garmhac Shomhairle, i láthair ag an ócáid a bhí thar a bheith tábhachtach i stair na Ríochta agus na hAlban trí chéile: Blàr na Leargaidh Gallda, idir Alastar III, Rí na hAlban, agus Haakon, Rí na hIorua. Ba é Alasdair an buaiteoir sa chath agus chaill na hIoruaigh a sheilbh ar Albain. Níor chaill Angus Mòr a ríocht, toisc gur ghlac sé mionn dílseachta don Rí Alastar, ach ba é Rí na hAlban an tiarna uachtarach ar Tighearnas nan Eilean ina dhiaidh sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]