Teilgean léarscáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
<nowiki>Íomhá Mheánaoiseach a léiríonn an Éacúiméin (1482, Johannes Schnitzer, greanadóir), tógtha de réir na comhordanáidí as saothar Tholamaes Tíreolaíocht agus ag baint úsáide as a dhara teilgean léarscáile

Claochlú córasach is ea teilgean léarscáile de dhomhanleithid agus dhomhanfhaid suíomhanna ar dhromchla sféir nó éileapsóidigh chuig suímhanna ar phlána.[1] Bíonn teilgi léarscáile riachtanach chun léarscáileanna a chruthú. Cuireann gach teilgean léarscáile an dromchla as a riocht i slí éigin. Ag brath ar chuspóir an léarscáil, bíonn roinnt teilgean léarscáile ann chun airíonna áirithe ón sféar a chosaint ach ar chostas na n-airíonna eile.Níl aon teorainn le líon na dteilgean léarscáile a dtig linn a chur ar fáil. [2]

Go hiondúil, is féidir dromchlaí na reann pláinéadach a mhapáil, fiú má tá siad ró-neamhrialta chun a bheith bunaithe ar mhúnla maith le sféar nó éileapsóideach; féach thíos. I gcoitinne fiú amháin, déantar teilgi léarscáile faoi réir roinnt réimsí glanmhatamaitice, lena n-áirítear geoiméadracht chéimseata agus geoiméadracht theilgeach. Mar sin féin, tagraíonn "teilgean léarscáile" go sonrach don teilgean cartagrafach.

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

D'fhéadfaí léarscáileanna a bheith níos úsáidí ná cruinneoga i go leor cásanna: tá siad níos dlúithe agus níos éasca a stóráil; freastalaíonn siad go héasca ar raon ollmhór scálaí; bíonn siad le fheiceáil go héasca ar scáileáin ríomhairí; ligeann siad airíonna an tír-raon a bheith mapáilte go éasca; is féidir leo níos mó codanna de dhromchla an Domhain a thaispeáint ag an am céanna; agus tá siad níos saoire a tháirgeadh agus a iompar. Spreagann na tréithe úsáideach seo ar na léarscáileanna forbairt na dteilgean léarscáile.

Mar sin féin, chruthaigh Theorema Egregium de chuid Carl Friedrich Gauss nach féidir dromchla sféir a bheith léirithe ar dhromchla plánach gan a bheith curtha as a riocht. Tá an prionsabal céanna i gceist le dromchlaí tagartha eile a úsáidear  mar mhúnlaí le haghaidh an Domhain. Ós rud é go bhfuil aon teilgin léarscáile ionadaíocht ar cheann de na dromchlaí ar phlána, cuireann gach léarscáil rudaí áirithe as a riocht. Cuireann gach teilgean léarscáil suntasach rudaí faoi leith as a riocht. .

Airíonna méadracha na léarscáileanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Léiríonn Teilgean Albers réimsí go cruinn, ach bíonn na cruthanna díchumtha .

Is féidir go leor airíonna a thomhas ar dhromchla an Domhain neamhspleách ar a thíreolaíocht. Seo a leanas cuid de na hairíonna:

  • Achar
  • Cruth
  • Treo
  • Treo-uillinn
  • Fad
  • Scála

Saobhadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tissot ' s Indicatrices ar an Mercator teilgean

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Snyder, J.P. (1989). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". United States Government Printing Office. 1453. 
  2. Snyder, John P. (1993). "{{{title}}}". University of Chicago Press. 

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]