Teangacha Algancacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Algancacha
Cineálfine teangacha
Úsáid
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
teangacha Algacha
Cóid
ISO 639-2alg
ISO 639-5alg
Glottologalgo1256
Linguist Listalgo
IETFalg

Is fo-fhine teangacha iad na teangacha Algancacha a bhfuil an chuid is mó de theangacha an fhine Ailgeach mar chuid di (an dá theanga Ailgeacha nach bhfuil mar chuid di ná Wiyot agus Yurok ó iarthuaisceart Chalifornia). Tá muintir na dteangacha Algancacha scaipthe ó chósta thoir Mheiriceá Thuaidh go dtí na Sléibhte Creagacha.

Ba chóir idirdhealú a dhéanamh idir an fhine Algancach agus Algaincis, teanga amháin san fhine.

Gnéithe Gramadaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú ar na teangacha Algancacha mar gheall ar an moirfeolaíocht pholaisintéiseach choimpléascach atá acu, chomh maith leis an gcóras briathra atá acu. Is féidir abairtí a thógann roinnt focail i dteangacha eile a chur in iúl i bhfocal amháin: (Menominee) enae:ni:hae:w "Tá sé cloiste ag na cumhachtaí níos airde" nó (Cree) kāstāhikoyahk "Cuireann sé eagla orainn". De ghnáth, bíonn dhá thríú pearsa sna teangacha seo: ceann suntasach (proximate) a bhaineann le hainmfhocal níos tábhachtaí sa gcomhthéacs, agus ceann tánaisteach (obviative) a úsáidtear ar ainmfhocail nach bhfuil chomh suntasach sin.