Teangacha Algancacha
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teanga bhundúchasach teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá teangacha bundúchasacha de chuid Mheiriceá Thuaidh teangacha Algacha | |
Cóid | |
ISO 639-2 | alg |
ISO 639-5 | alg |
Glottolog | algo1256 |
Linguist List | algo |
IETF | alg |
Is fo-fhine teangacha iad na teangacha Algancacha a bhfuil an chuid is mó de theangacha an fhine Ailgeach mar chuid di (an dá theanga Ailgeacha nach bhfuil mar chuid di ná Wiyot agus Yurok ó iarthuaisceart Chalifornia). Tá muintir na dteangacha Algancacha scaipthe ó chósta thoir Mheiriceá Thuaidh go dtí na Sléibhte Creagacha.
Ba chóir idirdhealú a dhéanamh idir an fhine Algancach agus Algaincis, teanga amháin san fhine.
Gnéithe Gramadaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú ar na teangacha Algancacha mar gheall ar an moirfeolaíocht pholaisintéiseach choimpléascach atá acu, chomh maith leis an gcóras briathra atá acu. Is féidir abairtí a thógann roinnt focail i dteangacha eile a chur in iúl i bhfocal amháin: (Menominee) enae:ni:hae:w "Tá sé cloiste ag na cumhachtaí níos airde" nó (Cree) kāstāhikoyahk "Cuireann sé eagla orainn". De ghnáth, bíonn dhá thríú pearsa sna teangacha seo: ceann suntasach (proximate) a bhaineann le hainmfhocal níos tábhachtaí sa gcomhthéacs, agus ceann tánaisteach (obviative) a úsáidtear ar ainmfhocail nach bhfuil chomh suntasach sin.
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |