Teaghlach Wessex

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An dragúneiteach órga, armas araltach Wessex,

Tagraíonn Teaghlach Wessex, ar a dtugtar Teaghlach Cherdic agus Ríshliocht na nIar- Shacsanachfreisin, don teaghlach, a bhunaigh Cerdic go traidisiúnta, a bhí i gceannas ar Wessex i nDeisceart Shasana ó thús an 6ú haois. Bhain an teaghlach an lámh in uachtar i ndeisceart Shasana tar éis an Rí Ecgberht teacht i gcoróin sa bhliain bhliain 802 . Shábháil Alfred Mór Sasana ó choncas na Lochlannach ag deireadh an naoú haois déag agus rinneadh a gharmhac ina chéad rí ar Shasana sa bhliain 927. Tháinig deireadh le réimeas tubaisteach Æthelred <i>unræd</i> le concas na nDanar sa bhliain 1014. Rinne Æthelred agus a mhac Edmund Ironside iarracht cur i gcoinne na Lochlannach i 1016, ach i ndiaidh a mbáis, rialaigh Cnut Mór na Danmhairge agus a chlann mhac go dtí 1042. Ansin fuair an teaghlach Wessex an chumhacht arís faoi mhac Æthelred, Éadbhard Coinfeasóir, ach chaill sé í tar éis Choncas na Normannach i 1066. Tá ríthe Shasana go léir ó Anraí II ina shliocht den Teaghlach Wessex, trí Matilda na hAlban, bean chéile Anraí 1, a bhí ina hiníon garpháiste ag Edmund Ironside.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]