Teach na gComóntach
Teach na gComóntach | |||
---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Irish House of Commons | ||
Sonraí | |||
Cineál | Teach na dteachtaí | ||
Cuid de | Parlaimint na hÉireann | ||
Foirgníocht | 1297 | ||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 31 Nollaig 1800 | ||
Codanna | Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann | ||
Ba é Teach na gComóntach[1] nó Teach na dTeachtaí teach íochtarach Pharlaimint na hÉireann, a bhí ann ón bhliain 1297 go dtí 1800. Teach na dTiarnaí ba ea an teach uachtarach .
Seanstair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad na Normannaigh, a thosaigh ag lonnú in Éirinn sa bhliain 1169, an chéad dream a chuir riarachán láraithe i láthair na hÉireann.[2]
Tháinig an chéad Pharlaimint de chuid na hÉireann, a bhfuil taifead cinntitheach ann ina leith, le chéile ar an 18 Meitheamh 1264. Tionóladh an pharlaimint i nDíseart Diarmada i gContae Chill Dara. Ba lárionad riaracháin tábhachtach é an áit an t-am sin. Níor pharlaimint é an cruinniú de réir chiall an lae inniu. Ní raibh na comhaltaí ina n-ionadaithe tofa; giúróirí agus ridirí ag a raibh talamh ba ea iad. Tháinig siad le chéile lena fhiosrú an raibh sé de cheart ag an Ardeaspag Fulk Bassett de Sandeford cúirteanna a reáchtáil agus ceartas a chleachtadh.[3][4][5]
Tháinig Tionól Ginearálta Chomhdháil Chill Chainnigh ar an bhfód idir 1642 agus 1649, agus “an Pharlaimint Thírghrách” sa bhliain 1689.
Bhí ballraíocht Theach na gComóntach tofa go díreach, ach ar saincheadúnais an-sriantach: i gContaetha bhí cead vótála ann don shaorshealbhóir daichead scilling, ag an am céanna i mbuirgí, den chuid is mó, ba iad comhaltaí chorparáidí féintofa nó saorfhir de chuid na cathrach a bhí in ann vótáil ar son na Comhairle Buirge. Go háirithe, bhí Caitlicigh Rómhánacha dícháilithe ó shuíocháin a ghlacadh sa Pharlaimint ón bhliain 1691, fiú is gur chuimsigh siad formhór daonra na tíre.
An 18ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig “Parlaimint Grattan” ar an bhfód idir 1782 agus 1800.
Foirgneamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh Teach na Parlaiminte (Teach na gComóntach agus Teach na dTiarna) sa bhliain 1831í, an chéad parlaimint ar domhan a bhí saintógtha [6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Vincent Morley - "Bhaineas féin úsáid as ‘Teach na gComóntach’ cúpla uair. Ní mise a chum an leagan sin ach ní dóigh liom go bhfuil sé le fáil in aon fhoclóir ná ar aon liosta téarmaí. Tá sé le fáil sa reachtaíocht, áfach, tá sé sothuigthe, agus tá sé an-chosúil leis an téarma a úsáidtear sa Ghàidhlig: mar atá, Taigh nan Cumantan. " (2013-01-13). "Foclóir na staire". Cúrsaí Staire. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Nick Maxwell (2014-05-02). "Castledermot 1264— the first Irish parliament". History Ireland. Dáta rochtana: 2023-08-12.
- ↑ Nick Maxwell (2014-05-02). "Castledermot 1264— the first Irish parliament". History Ireland. Dáta rochtana: 2023-08-12.
- ↑ Tá cuntas scríofa ar an gcruinniú sa Leabhar Dubhm an "Liber Niger", in Ardeaglais Theampall Chríost, Baile Átha Cliath.
- ↑ "Liber Niger" (as en) (2021-02-10). Wikipedia.
- ↑ Sir John Thomas Gilbert (1896). "An Account of the Parliament House, Dublin: With Notices of Parliaments Held There, 1661-1800" (as en). Hodges, Figgis.