Jump to content

Taxiphyllum barbieri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTaxiphyllum barbieri Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
AicmeBryopsida
OrdHypnales
FineHypnaceae
GéineasTaxiphyllum
SpeiceasTaxiphyllum barbieri Cuir in eagar ar Wikidata
Z.Iwats.
Ainmníocht
BasainmIsopterygium barbieri Cuir in eagar ar Wikidata

Caonach is ea Taxiphyllum barbieri (Gaeilge: Caonach Iáva) a bhaineann leis an fhine Hypnaceae. Dúchasach san Áise Thoir Theas, úsáidtear é go coitianta in uisceadáin fionnuisce. Greamaíonn sé le carraigeacha, fréamhacha, agus le hadhmad raice. Níl aitheantas an phlanda aithnidiúil seo réitithe go fóill; roimhe seo ceapadh gur Vesicularia dubyana (Brotherus, 1908) a bhí i gceist, ach d'fhéadfadh gur Taxiphyllum barbieri (Cardot & Copp.) Z. Iwats atá ann i ndáiríre.[1] Cuireadh síos air, ar dtús, mar Isopterygium barbieri Cardot & Copp. ó Vinh, Vítneam.[2]

Ní gá a bheith an-chúramach leis an chaonach seo. Glacann sé le gach cineál uisce, fiú breacsháile lag, agus gach cineál caighdeán solais. Fásann sé níos fearr ag 21 go 24° Celsius, ach is féidir leis maireachtáil i dteocht suas le 29 go 32 °C. Déanann sé go maith mar phlanda sa tulra. In uisceadáin ba chóir é a bheith curtha san áit ina mbíonn dea-uisce reatha mar greamaíonn bruscar air go héasca agus éiríonn sé donn doiléir da bharr. Mar gheall ar nádúr greamaitheach an chaonaigh seo is féidir caonachbhalla a dhéanamh as. Is féidir é seo a chur i gcrích tré eangach a fhilleadh agus í an caonach a leathadh go cothrom uirthi. Ansin, is féidir a eangach a ceangailte sreangáin phoileistear. Fásann sé go mall ar dtús go dtí go mbíonn sé socraithe síos.

  1. Tan, B.C., Loh, K.L., & Gan, C.W. (2005): A case of mistaken identity?
  2. Type of Isopterygium barbieri Cardot & Copp.