Jump to content

Tatyana Mikhailova

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTatyana Mikhailova
Beathaisnéis
Breith1956
69/70 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht, Romance studies (en) Aistrigh, teangacha Ceilteacha, Na Ceiltigh agus litríocht na hÉireann
Gairmteangeolaí, focleolaí, aistritheoir, múinteoir ollscoile, Ceiltíoch Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis agus an Ghaeilge

Ollamh le léann Éireannach agus Gaeilgeoir Rúiseach in Stát-Ollscoil Mhoscó is ea Tatyana Andreyevna Mikhailova (Татьяна Андреевна Михайлова).

I 1979 bhain sí céim san Fhocleolaíocht Rómánsach amach in Stát-Ollscoil Mhoscó. Tháinig suim aici i dteangacha agus i gcultúr na gCeilteach agus rinne sí staidéar ar an tSean-Ghaeilge. Thosaigh sí ag foghlaim na Nua-Ghaeilge sna 1970í agus fuair máistreacht ar an gcaint gan mhoill.[1] Chuaigh sí ag múineadh Gaeilge i Roinn an Léinn Ghearmánaigh, agus i 1999 bhain sí PhD amach le tráchtas dar teideal ‘Buile Shuibhne mar Mhórshaothar de Litríocht Éireannach an 12ú hAois’ (Безумие Суибне как памятник ирландской словесности 12 в).

I 2007 chaith sí tamall i Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i 2008 d’fhoilsigh sí aiste ar an tSean-Ghaeilge. I 2009 bhí sí ina heagarthóir bainistíochta foilseacháin ar Imeachtaí an Dara Collóiciam Idirnáisiúnta ag an gCumann Ceilteach-Slavach (Moscó, Meán Fómhair 2006).

Faoi láthair is í an tOllamh le Focleolaíocht Ghearmánach agus Cheilteach in Stát-Ollscoil Mhoscó í agus tá cathaoir na dTeangacha Ársa aici in Ollscoil Stáit na nDaonnachtaí. Tá sí ina hollamh comhlach in Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Uladh. Is ball í de bhord eagarthóireachta na n-irisí Journal of Language Relationship/вопросы языкового родства agus Atlantika. Записки по исторической поэтике (Nótaí ar Ealaín Stairiúil na Filíochta).

Tá na céadta alt foilsithe aici ar ghnéithe den fhocleolaíocht Cheilteach, in éineacht le leabhair d’fhoghlaimeoirí na Sean-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge.

  1. ↑ Garry Bannister, ‘How I brought the Irish language to 1970s Russia,’ Irish Times, 10 Márta 2016: http://www.irishtimes.com/life-and-style/generation-emigration/how-i-brought-the-irish-language-to-1970s-russia-1.2567869

Nótaí beathaisnéiseacha

Nótaí beathaisnéiseacha