Taobhdhruma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Druma tanaí le craiceann ar an dá cheann — an ceann uachtarach a bhuailtear le bataí adhmaid, agus an ceann íochtarach a mbíonn sreanga miotail nó caoláin suite air — a dhéanann ton grágach nuair a chuirtear i ngreim iad. Úsáidtear i gceolfhoirne, bannaí damhsa is bannaí míleata é, agus caitear beagán i leataobh é i gcomhair mairseála (uaidh seo a ainm).