Stéig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feadán scannánach matánach a shíneann ó oscailt phíolórach an ghoile go dtí an t-anas. Tá sí roinnte i stéig bheag (an dúidéineam, an t-aoineán, agus an t-iléam), stéig mhór (an caochán, an aipindic, agus an drólann ardaitheach, thrasnach, íslitheach is shiogmóideach), agus reicteam. Tarlaíonn an chuid is mó de dhíleá is ionsú na dtáirgí cothaithe, na vitimíní is na sreabhán (idir shreabháin ionghafa is iad sin a thál an chonair ghastraistéigeach féin) sa stéig bheag, agus is sa stéig mhór a íonsúitear na leictrilítí is an t-uisce as an sreabhán a thagann isteach inti, chomh maith le sintéisiú vitimín K is cuid de vitimíní B, agus déanamh an fhaecais roimh é a eisfhearadh amach as an gcolainn. Luíonn an reicteam i dteagmháil le dromchla peilbheach an tsacraim, pollann an scairt pheilbheach chun an chanáil anasach a dhéanamh, agus osclaíonn an chanáil seo ag an anas. Bíonn an stéig bheag timpeall 6 m ar fhad, is an stéig mhór timpeall 1 m, ach bíonn éagsúlacht mhór ann. Buaileann fadhbanna míochaine éagsúla an stéig, ina measc coiliceam, coilítis, galar céiliach, dinnireacht, díbhéartaiclíteas, heirne, agus siondróm putóige greanaithí.