Sraith Balmer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Speictream astúcháin hidrigine "infheicthe" sa tsraith Balmer. Is é H-alfa (Hα) an líne dhearg ar dheis. Tá ceithre líne (ag comhaireamh ón taobh dheis) go foirmiúil sa speictream infheicthe. Is féidir línte a cúig agus a sé a fheiceáil leis an tsúil féin, ach meastar go bhfuil siad ultraivialait mar go bhfuil tonnfhaid acu atá níos lú ná 400 nm.

Is í Sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanda an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d'aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d'oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Is í cothromóid Rydberg ná:

(1/λ) = RZ2[(1/n12)-(1/n22)]

inarb ionann:

  • λ agus tonnfhad na líne speictrí
  • R agus tairiseach Rydberg
  • Z agus an uimhir adamhach, is é sin uimhir na bprótón i núicléas an adaimh (don hidrigin, is ionann í agus a haon)
  • n1 agus an leibhéal fuinnimh óna léimeann an leictreon
  • n2 agus an leibhéal fuinnimh a léiméann an leictreon go dtí é

Nuair atá n2 ag dul i dtreo na héigríche (∞), tá (1/n22) ag dul go hasamtóiteach i dtreo an neamhní. Mar sin, má ligtear (1/n22) ar lár sa chothromóid, is féidir íosteorainn a chomhaireamh do thonnfhad na sraithe. Tabhair faoi deara nach bhfuil an chothromóid seo i bhfeidhm ach i gcóras atá comhdhéanta as núicléas agus aon leictreon amháin – go praiticiúil is ionann sin agus adamh hidrigine. Dá mbeadh tuilleadh leictreon ann rachadh castacht na cothromóide thar acmhainn na matamaiticeoirí féin.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Balmer ná 656 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 364.6 nanaiméadar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]