Squaliformes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSqualiformes Cuir in eagar ar Wikidata
Spiny dogfish.jpg
Squalus suckleyi Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtBilateria
FíleamChordata
RangChondrichthyes
ForordSqualomorphii
OrdSqualiformes Cuir in eagar ar Wikidata
Goodrich, 1909

Is ord siorcanna iad na Squaliformes a chuimsíonn thart ar 126 speiceas i seacht bhfine.

Tá dhá eití droma ag baill an oird, a mbíonn spíona acu de ghnáth, is gnách go mbíonn ceann géar acu, gan aon eite anasach nó scannán nicteach, agus idir a cúig go dtí a seacht scoilt gheolbhaigh. Den chuid is mó, áfach, tá siad sách éagsúil ó thaobh foirme agus méide. Maireann formhór na speiceas den ord seo i sáile nó uisce goirt. Faightear iad ar fud an domhain, ó thuaidh go huiscí trópaiceacha, agus ó fharraigí cósta éadomhain go dtí an t-aigéan oscailte.[1]

Tá fótafóir agus orgáin lonrúla ag gach ball den fhine Eptomeridae agus Dalatiidae agus Zameus squamulosus agus léiríonn siad bithlonracht intreach.[2] Tháinig an bhithlonracht chun cinn uair amháin sna Squaliformes, thart ar 111-153 milliún bliain ó shin, agus chabhraigh sé leis na Squaliformes gathú amach agus oiriúnú don fharraige domhain.[2][3] Bhí orgán lonrúil ag sinsearach coiteann na nDalatiidae, Etmopteridae, Somniosidae, agus Oxynotidae agus bhain siad úsáid as bithlonracht le haghaidh duaithníochta trí fhrithshoilsiú.[2][4] Is modh gníomhach duaithníochta é frithshoilsiú ina n-astaíonn orgánach solas chun déine an tsolais atá ag titim anuas a mheaitseáil le dul i bhfolach ó chreachadóirí a d’fhéadfadh a bheith thíos faoi.[5] Faoi láthair, soláthraíonn an bithlonracht feidhmeanna éagsúla do Squaliformes bunaithe ar an fhine. Tá fótafóir simplí ag Dalatiidae agus Zameus squamulosus agus úsáideann siad bithlonracht le haghaidh frithshoilsithe tharraigh. Tá fótafóir níos casta ag na hEtmopteridae [6]agus úsáideann siad an bhithlonracht le haghaidh frithshoilsithe tharraigh chomh maith le speiceas a aithint.[7]

Rangú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Encyclopedia of Fishes" (1998). San Diego: Academic Press. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Flammesbeck, C. K., J. Pollerspöck, F. D. B. Schedel, N. J. Matzke, and N. Straube (2018). "Of teeth and trees: a fossil tip dating approach to infer divergence times of extinct and extant squaliform sharks". 2dh Annual Conference of the European Elasmobranch Association: 57. 
  3. Davis, M. P., J. S. Sparks, and W. L. Smith (2016). "Repeated and widespread evolution of bioluminescence in marine fishes". PLOS ONE 11 (6): e0155154. doi:10.1371/journal.pone.0155154. PMID 27276229. 
  4. Straube, N., C. Li, J. M. Claes, S. Corrigan, and G. J. P. Naylor (2015). "Molecular phylogeny of squaliformes and first occurrence of bioluminescence in sharks". BMC Evolutionary Biology 15: 62. doi:10.1186/s12862-015-0318-0. PMID 25880916. 
  5. Hastings, J. W. (1971). "Light to hide by: ventral luminescence to camouflage the silhouette". Science 173 (4001): 1016–1017. doi:10.1126/science.173.4001.1016. PMID 17796582. 
  6. Claes, J. M., and J. Mallefet. (2009). "Bioluminescence of sharks: first synthesis". Kerala: Research Signpost: 51–65. 
  7. Claes, J. M., D. E. Nilsson, J. Mallefet, and N. Straube (2015). "The presence of lateral photophores correlates with increased speciation in deep-sea bioluminescent sharks". Royal Society Open Science 2 (7): 150219. doi:10.1098/rsos.150219. PMID 26587280.