An difríocht idir athruithe ar: "The Pale Blue Dot"
Eomurchadha (plé | dréachtaí) No edit summary |
Eomurchadha (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 8: | Líne 8: | ||
[[catagóir:An Domhan]] |
[[catagóir:An Domhan]] |
||
[[catagóir:An réalteolaíocht]] |
[[catagóir:An réalteolaíocht]] |
||
[[en:The Pale Blue Dot]] |
Leagan ó 20:49, 2 Bealtaine 2020
Is é atá i gceist leis an The Pale Blue Dot (An Ponc Faon Gorm nó An Ponc Bánghorm) ná grianghraf den domhan. Glacadh ar an gceathrú lá déag Feabhra 1990, ón spáslong taiscéalaithe Voyager 1. Sé mhíle milliún ciliméadar ón domhan a bhí an taiscéalaí nuair a glacadh é. Sa ghrianghraf níl sa domhan ach picteilín amháin, ponc beag bídeach in ollfhairsinge an spáis. Is é an réalteolaí agus an t-údar Carl Sagan a mhol do Nasa an ceamara a chasadh i dtreo an domhain agus Voyager 1 ag fágáil an ghrianchórais. Dar le Sagan gur léirigh an pic, ponc bídeach faon solais i nduibheagán gan chríoch an spáis, comhthéacs níos leithne do shaol an duine daonna. Rinne Sagan píosaí cáiliúil tráchtaireachta ar an bpictiúr i léáchtaí agus ina leabhar Pale Blue Dot: A Vision of the Human Future in Space.