An difríocht idir athruithe ar: "Gleannta Aontroma"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Athainmníodh Gleannta na hAontroma mar Gleannta Aontroma: Ní fhaca mé "Gleannta na hAontroma" riamh in aon leabhar Gaeilge. "Gleannta Aontroma" nó "Glinntí Aontroma" nó "Glinnte Aontroma".
m robot Adding: it:Glens of Antrim
Líne 18: Líne 18:
[[de:Glens of Antrim]]
[[de:Glens of Antrim]]
[[en:Glens of Antrim]]
[[en:Glens of Antrim]]
[[it:Glens of Antrim]]

Leagan ó 00:01, 1 Márta 2007

Tá naoi ngleann i nGleannta Aontroma, nó i nGlinntí Aontroma, mar a fhuaimnítear an logainm i gcanúint an Tuaiscirt. Tá siad suite in oirthuaisceart an chontae, ar an gcósta thoir, in Ultaibh. Tagann go leor turasóirí go dtí na gleannta, ó tá an ceantar ag cur thar maoil le cuimhní na staire Gaelaí, agus tírdhreach cuidsúlach le feiceáil ansin. Níl an Ghaeilge chomh beo agus a bhí sí tráth den saol, ach faoin am ar bunaíodh Conradh na Gaeilge, bhí cuid mhaith cainteoirí líofa dúchais fágtha sna Gleannta go fóill, agus d'fhoghlaim daoine de sheanfhundúirí an Chonartha an teanga ansin. Is é Baile an Chaistil an áit is laidre ó thaobh na Gaeilge de ar na saolta seo. Tá Naíscoil agus Gaelscoil ann anois, agus neart imeachtaí, ranganna Gaeilge agus araile ar fáil sa sráidbhaile. Bhí Feis na nGleann ag cur na Gaeilge chun cinn go láidir uair den tsaoil, ach inniu, is mó a dhíríonn an Fheis ar chúrsaí staire na háite, in áit an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.

Tá an ceol traidisiúnta fairsing sna Gleannta. Ar aon leis an nGaeilge, tá an ceol ag fás arís, ar an ábhar go bhfuil daoine óga ag cur speis ann. Feictear ainmneacha na ngleannta scríofa thíos, ón thuaisceart go dtí an deisceart: