An difríocht idir athruithe ar: "Anne Frank"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: tl:Anne Frank; athruithe cosmaideacha
Rezabot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: mr:अ‍ॅन फ्रॅंक
Líne 69: Líne 69:
[[ml:ആൻ ഫ്രാങ്ക്]]
[[ml:ആൻ ഫ്രാങ്ക്]]
[[mn:Аннэ Франк]]
[[mn:Аннэ Франк]]
[[mr:ॲन फ्रॅंक]]
[[mr:अ‍ॅन फ्रॅंक]]
[[nl:Anne Frank]]
[[nl:Anne Frank]]
[[nn:Anne Frank]]
[[nn:Anne Frank]]

Leagan ó 20:42, 16 Meitheamh 2012

Íomhá:Anne Frank stamp.jpg
Anne Frank

Seans gurb í Annelies Marie "Anne" Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh 1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, an duine is mó cáil des na milliúin Giúdach a maraíodh le linn an Uileloisce. Nuair a tháinig na Naitsithe i réim, d’aistrigh an teaghlach go hAmstardam. Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. B’fhear gnó é an t-athair, Otto Frank, agus ar 6 Iúil 1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrar Giúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach. Sceitheadh orthu, áfach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.

Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó Auschwitz, áit ar cailleadh a máthair, go Bergen-Belsen ach bhuail an tífeas iad ansin. D’éag Margot agus go luath ina diaidh, ag tús mhí an Mhárta 1945, cailleadh Anne.

An Dialann

Dealbh - Anne Frank - Amstardam

Leabhar a fuair sí mar bhronntanas lae breithe nuair a bhí sí trí bliana déag a d’úsáid sí mar dhialann. Déagóir anamúil, gealgháireach a bhí in Anne ach bhí aigne thar a bheith neamhspleách aici chomh maith agus tá na tréithe seo ar fad léirithe ina dialann. Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile. Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha scríbhneoireachta, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud an domhain in iliomad teangacha. Bhí meas aici ar an litríocht agus scríobh sí ar 11 Bealtaine 1944 gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina hiriseoir agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir. Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947. Ó shin i leith, tá cáil dhomhanda ar Anne agus ó 1960 músaem atá san áras i Prinsengracht. Tá an dialann ar taispeáint ann agus tagann beagnach milliún cuairteoir in aghaidh na bliana go dtí an músaem.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR