An difríocht idir athruithe ar: "Nokia (cathair)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: koi:Нокиа (коммуна)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:نوکیا، فنلاند ag mionathrú: vi:Nokia, Phần Lan
Líne 44: Líne 44:
[[es:Nokia (ciudad)]]
[[es:Nokia (ciudad)]]
[[et:Nokia]]
[[et:Nokia]]
[[fa:نوکیا، فنلاند]]
[[fi:Nokia (kaupunki)]]
[[fi:Nokia (kaupunki)]]
[[fr:Nokia (ville)]]
[[fr:Nokia (ville)]]
Líne 65: Líne 66:
[[tr:Nokia, Finlandiya]]
[[tr:Nokia, Finlandiya]]
[[uk:Нокіа]]
[[uk:Нокіа]]
[[vi:Nokia (thành phố)]]
[[vi:Nokia, Phần Lan]]
[[zh:诺基亚 (芬兰)]]
[[zh:诺基亚 (芬兰)]]
[[zh-yue:諾基亞]]
[[zh-yue:諾基亞]]

Leagan ó 07:50, 9 Bealtaine 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha

Nokia (go dtí an bhliain 1938 Pohjois-Pirkkala nó Pirkkala Thuaidh) suite i gCúige na Fionlainne Thiar, in aice le Tampere. Sa bhliain 2007, comhaireadh daonra 29,848 duine san áit, agus tá sí 347.8 ciliméadar cearnacha ar achar. Bunaíodh Pohjois-Pirkkala mar bhardas ar leith sa bhliain 1922, nuair a scoilteadh an seanpharóiste úd Pirkkala ina dhá leath, Pohjois-Pirkkala (Pirkkala Thuaidh) agus Etelä-Pirkkala (Pirkkala Theas), agus Loch Pyhäjärvi mar theorainn eatarthu - san am sin, teorainn nádúrtha a bhí ann, ó nach raibh droichead ná mórán caidrimh thar an loch. Sa bhliain 1938, hathainmníodh Pohjois-Pirkkala mar Nokia, agus baisteadh ainm an tseanpharóiste, Pirkkala, ar Etelä-Pirkkala.

De réir na seanteoirice, is é is ciall leis an bhfocal nokia ná "sáible" (Martes zibellina, nó sable as Béarla), is é sin, cineál ainmhí creiche atá cosúil leis an gcat crainn. I bhFionlainnis an lae inniu, áfach, úsáidtear an focal soopeli, a tháinig as an bhfoinse chéanna is an focal Béarla agus an téarma Gaeilge. Is beag Fionlannach inniu a shamhlaíonn sáible nó cat crainn leis an ainm sin Nokia, cé go bhfuil pictiúr an ainmhí ar armas na cathrach. Ní hé sin an t-aon teoiric atá ann, áfach. Deir na bitheolaithe inniu nach raibh sáiblí le fáil go nádúrtha i ndúlra na Fionlainne riamh, agus iad ag tabhairt le fios gurbh é an béabhar a bhí i gceist le nokia.

Sna 1970idí, cuireadh an dá pharóiste Tottijärvi agus Suoniemi le Nokia.

Naisc sheachtracha