An difríocht idir athruithe ar: "Teoirim Bayes"
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: af:Bayes se stelling |
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: hi:बेय का सिद्धांत |
||
Líne 31: | Líne 31: | ||
[[fr:Théorème de Bayes]] |
[[fr:Théorème de Bayes]] |
||
[[he:חוק בייס]] |
[[he:חוק בייס]] |
||
[[hi:बेय का सिद्धांत]] |
|||
[[hu:Bayes-tétel]] |
[[hu:Bayes-tétel]] |
||
[[is:Formúla Bayes]] |
[[is:Formúla Bayes]] |
Leagan ó 12:17, 9 Nollaig 2011
Sa dóchúlacht agus sna feidhmeanna a bhaintear aisti, cuireann teorim Bayes síos ar an gcaidreamh idir dhá dhóchúlacht choinníollacha atá aisiompaithe ar a chéile. Is as Thomas Bayes (fuaimniú: /ˈbeɪz/) a ainmníodh í agus is minic a thugtar dlí Bayes nó riail Bayes uirthi. Tugann an teoirim an dóchúlacht coinníollach, ar a dtugtar an "iardhóchúlacht" le hipitéis H (.i. a dóchúlacht tar éis fianaise E a bheith tugtha faoi ndeara) i dtéarmaí an "réamhdhóchúlacht" ar H, ar réamhdhóchúlacht ar E, agus an dóchúlacht choinníollach ar E, agus H tugtha. Tá an teoirim bailí de réir gach aon fhealsúnacht dóchúlachta, agus is minic a bhainter feidhm as san eolaíocht agus san innealtóireacht, ach ní bhíonn staitisteoirí ar aon tuairim i dtaobh úsaíd chuí na teoirime.
Teoirim
Is é ráiteas na teoirime ná
Tá ainm thraidisiúnta ag gach téarma sa teoirim:
- Is é P(H) an réamhdhóchúlacht ar H. Is ionann é agus an dóchúlacht a mheasfaí ar H roimh aon eolas a bheith ann maidir le E.
- Is é P(H|E) an dóchúlacht choinníollach ar H, más fíor do E. Tugtar an iardhóchúlacht air, leis, toisc go mbraitheann sé ar an luach atá ag E.
- Is é P(E|H) an dóchúlacht choinníollach ar E, agus H tugtha a bheith fíor. Tugtar an fheidhm dealraiteachta air leis.
- Is 'e P(E) an réamhdhóchúlacht ar E---is é sin, an dóchúlacht go mbeadh E fíor, cuma an bhfuil H fíor nó nach bhfuil.