An difríocht idir athruithe ar: "Réalta"
m róbat ag suimiú: ne:तारा |
m róbat ag suimiú: mrj:Шӹдӹр |
||
Líne 93: | Líne 93: | ||
[[mn:Од]] |
[[mn:Од]] |
||
[[mr:तारा]] |
[[mr:तारा]] |
||
[[mrj:Шӹдӹр]] |
|||
[[ms:Bintang]] |
[[ms:Bintang]] |
||
[[mwl:Streilha]] |
[[mwl:Streilha]] |
Leagan ó 02:12, 30 Bealtaine 2011
Is é rud is réalta ann ná rinn neimhe agus foinse solais. Is amhlaidh a ghineann réalta fuinneamh. Trí bhíthin comhleá eithneach ina croíleacán é sin. Réalta is ea an Ghrian seo againne.
Ní réaltaí iad na pláinéid, na hastaróidigh, ná na gealacha. Ní ghineann siad seo solas. Nuair a dhéanann solas na gréine imbhualadh leo sin, is é rud a dhéanann siad: an solas sin a fhrithchaitheamh. Is liathróidí de ghás te iad na réaltaí. Is í a gcuid imtharraingthe féin a bhíonn a gcoinneáil le chéile. Is réalta sa mheánmhéid í an Ghrian. Is mó faoi mhilliún i ná an Domhan, nó mar sin. Cuid de na réaltaí - is lú ná an deichiú cuid de mhéid na gréine, agus tá réaltaí eile ann agus is mó faoi sheasca iad ná méid na gréine. Timpeall 6,000 °C an teocht atá ar dhromchla na gréine, agus meastar gur 15,000 °C de theocht a bhíonn ina lár.
Dath dearg a bhíonn ar na réaltaí is fuaire, dath buí ar réaltaí i meánraon na teochta, ar an grian abair, agus dath gorm nó bán ar na réaltaí níos teo fós.
Ina réaltbhuíonta a bhíonn na réaltaí. Idir deich gcinn agus deich míle réalta a bhíonn sa bhuíon. Ina réaltraí a bhíonn na réaltbhuíonta seo.
Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR