An difríocht idir athruithe ar: "Linseáil"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard is '''linseáil''' ann ná pionós báis gan triail gan chúirt, agus é curtha i gcrích ag slua gramaisce. Go coitianta, samhlaítear an téarma leis an gcinío...'
 
No edit summary
Líne 4: Líne 4:


Leagan Gaeilge eile é '''dlí Uí Loingsigh'''. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí báire le Federico Mediante Noceda, ''Peores que Lobos'' ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".
Leagan Gaeilge eile é '''dlí Uí Loingsigh'''. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí báire le Federico Mediante Noceda, ''Peores que Lobos'' ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".

Linseáil is ábhar don amhrán clúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), ''Strange Fruit'', a bhí á chanadh ag Billie Holiday, an t-amhránaí cáiliúil ''blues'', ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe.


{{síol}}
{{síol}}

Leagan ó 02:37, 17 Eanáir 2010

Is éard is linseáil ann ná pionós báis gan triail gan chúirt, agus é curtha i gcrích ag slua gramaisce. Go coitianta, samhlaítear an téarma leis an gciníochas sna Stáit Aontaithe, agus an dóigh a mbítí ag linseáil daoine gorma ansin sna laethanta a bhí, go háirithe sna blianta 1860-1890. Go tipiciúil, chrochtaí na híobartaigh den chrann, ach ar ndóigh, is féidir linseáil a thabhairt ar dhúnmharú ar bith, ar acht is gur slua de dhaoine corraithe a rinne é.

Tá an téarma bunaithe ar shloinne an réabhlóidí Mheiriceánaigh Charles Lynch. Bhí an Loingseach seo i gceannas ar chúirt mhírialta i Virginia le linn cogadh réabhlóideach Mheiriceá, agus é ag imirt phionóis ar na dílseoirí Meiriceánacha - is é sin, na Meiriceánaigh a bhí ag tacú le cúis Shasana in aghaidh na réabhlóidithe Meiriceánacha.

Leagan Gaeilge eile é dlí Uí Loingsigh. Seo an leagan a bhí ag Cosslett Ó Cuinn san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an úrscéal buachaillí báire le Federico Mediante Noceda, Peores que Lobos ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".

Linseáil is ábhar don amhrán clúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), Strange Fruit, a bhí á chanadh ag Billie Holiday, an t-amhránaí cáiliúil blues, ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe.