An difríocht idir athruithe ar: "Leabhar Breac (foilsitheoir)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
No edit summary
m Athainmníodh Leabhar Breac mar Leabhar Breac (foilsitheoir): DAB from the original (15th century) Leabhar Breac
(No difference)

Leagan ó 20:20, 17 Nollaig 2007

Bhunaigh Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí an comhlacht foilsitheoireachta Leabhar Breac i 1995. Ba é an t-úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil an chéad leabhar a d'fhoilsigh siad, agus ó shin tá leabhair uile Liam Mhic Cóil foilsithe acu mar aon le mórchuid leabhar eile. Ón mbliain 2001 is é Darach Ó Scolaí atá i mbun stiúrtha an chomhlachta atá lonnaithe i gClochar na Locha in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige. Ar na leabhair is deireanaí a foilsíodh le Leabhar Breac tá Fontenoy le Liam Mac Cóil, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2006, Hula Hul le Seán Mac Mathúna, agus An Cléireach le Darach Ó Scolaí a bhuaigh Duais an Oireachtais 2007.