Sloda gníomhachtaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Umar cóireála sloda gníomhachtaithe ag ionad cóireála camrais i mBeckton, Shasana - tá na boilgeoga bána mar gheall ar an gcóras aeraithe aer idirleata tá na boilgeoga bána mar gheall ar aerú idirleata

Is cineál de phróiseas cóireála fuíolluisce é próiseas an tsloda ghníomhachtaithe chun séarachas nó fuíolluisce tionsclaíocha a chóireáil, ag úsáid aeraithe agus flocas bitheolaíoch comhdhéanta de bhaictéir agus phrótasóin.

Cuimsíonn próiseas an tsloda ghníomhachtaithe chun truailliú carbónáiteach a bhaint, na nithe seo a leanas: Umar aeraithe ina n-instealltar aer (nó ocsaigin) sa licéar measctha. Ina dhiaidh sin tá umar síothlaithe (dá ngairtear "gléghlantóir deiridh" nó "umar síothlaithe tánaisteach" de ghnáth) chun ligean don fhlocas bitheolaíoch (an bratshloda) socrú síos, agus ar an gcaoi sin an sloda bitheolaíoch a scaradh ón uisce soiléir cóireáilte.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]