Siobhán O’Callaghan
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1992 33/34 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Léig Mac Léinn Ealaíne Nua-Eabhrac Acadamh Ealaíne Fhlórans |
| Áit chónaithe | Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ealaíontóir |
Is ealaíontóir físiúil agus péintéir í Siobhán O’Callaghan atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Faigheann sí spreagadh ó chumas na healaíne le haghaidh scéalaíochta, faisnéise agus tráchtaireachta, agus ó na próisis chruthaitheachta.
Díríonn a cuid oibre ar an rud is ceangal ann i bhfoirmeacha éagsúla – eispéiris chomhroinnte, dlúthchaidreamh, an bhaint atá againn lenár dtimpeallacht. Tuigeann sí go gcuidíonn na timpeallachtaí ina mairimid le daoine ciall a bhaint as a muintearas maidir le cúrsaí cultúrtha agus leis an phobal i gcoitinne.
Sraith de phictiúir agus de líníochtaí suite in aice le páirceanna CLG é Cumainn | We Gather – ina bhfuil láithreáin chairdis, pobail agus taithí chomhroinnte. Cuimsíonn an saothar caidrimh a tógadh agus a aimsítear taobh istigh de chreat na lúthchleasaíochta agus is ceiliúradh é ar chluichí fisiciúla. Léiríonn O’Callaghan pictiúir de ghlóir, den bhua agus den dlúthchaidreamh atá le fáil i gclubthithe, i seomraí feistis agus ar pháirceanna imeartha. Tríd an saothar tugann an t-ealaíontóir cuireadh don lucht féachana a bheith páirteach in atmaisféar an mhuintearais.