Seraphina
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Rachel Hartman |
Teanga | Béarla |
Ealaín chlúdaigh le | Andrew Davidson (en) |
Foilseachán | 2012 |
Foilsitheoir | Random House |
Tréith | |
Seánra | fantaisíocht |
Sprioclucht féachana | young adult (en) |
Gradam a fuarthas | |
Gradam a fuarthas | William C. Morris Award (en) Monica Hughes Award for Science Fiction and Fantasy (en) |
Cuid den tsraith | |
Leabhar fantaisíochta is ea Seraphina, a seoladh i 2012. Is é an chéad úrscéal é ó Rachel Hartman.[1][2] D'fhoilsigh Random House Publishing ar 10 Iúil 2012, agus bhí sé ar an ochtú leabhar ar Liosta Leabhar Sárdhíola an New York Times sa tseachtain i ndiaidh a fhoilsithe.[3] Bronnadh an Duais William C. Morris, a bhronntar ar an saothar is fearr do dhaoine óga fásta ó údar nua, ar Seraphina i 2013. Cé gur scríobhadh i mBéarla é, tá cearta foilsithe an leabhair díolta i fiche teanga iasachta, an Ghaeilge, an Spáinnis agus an Eabhrais san áireamh. D'fhoilsigh Coiscéim an t-aistriúchán Gaeilge go luath i 2021. Tháinig Shadow Scale, atá ina chomharba ar "Seraphina", amach i 2015.[4][5][6]
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá scéal Seraphina suite i ríocht darb ainm Goredd, agus leanann an leabhar Seraphina, ceoltóir sa chúirt ríoga, sé bliana déag d'aois. Tarraingíodh isteach i mistéir dúnmharaithe í nuair a thángthas ar chorp an Phrionsa Rufus, agus é dícheannaithe ar nós a thugann le fios gur dragain a mharaigh é. Tharlaigh an dúnmharú an oíche roimh chothrom an lae 40 bliain ó shin a síníodh conradh a chuir deireadh leis an gcogadh idir dragain agus an cine daonna. Is féidir leis na dragain cruth daonna a chur orthu, ach teipeann orthu mothúcháin dhaonna a thuiscint, rud a chuireann leis an easpa muiníne agus leis an bhfuath idir an dá chine.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Hartman faoin ríocht Goredd i dtosach in úrscéal grafach darb ainm Amy Unbounded. Thug Hartman le fios, agus í faoi agallamh ag Suvudu, gur dheacair léi dragain a tharraingt i líníocht agus dá bhrí sin roghnaigh sí go bhféadfaidís cruth daonna a chur orthu féin chun gurbh usa iad a tharraingt.[6]
Reception
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba mhaith an glacadh a fuair Seraphina,[7][8][9][10]. Fuair an leabhar ocht léirmheas a bhfuil réiltín leo ó shuímh léirmeasa éagsúla, agus aitheantas ón Center for Children's Books.[11][12][13] Mhol Kirkus Reviews an leabhar, leis, agus “sármhaith” á thabhairt air.[14] Dúirt léirmheastóir de chuid an Washington Post go raibh Hartman in ann "fuil úr a chur i dtróp seanchaite [na ndragan ficseanúil]".[5] Bhronn SFX 4 réiltín go leith ar an úrscéal, agus a chuid próis á lua mar "go hálainn".[15] Dúirt an Quill & Quire leis go seasann an leabhar amach ó na “gnáthscéalta dragan”, agus téamaí an leabhair ó thaobh teanga agus ceoil de ag ag oibriú go maith le próis Hartman.[16] Roghnaigh Publishers Weekly an leabhar mar cheann dá “Leabhair Nua Is Fearr don tSeachtain 9ú Iúil 2012”,[17] agus dúirt go “bhfuil a lán suilt le fáil i gcéadleabhar Hartman”.[18] Mol léirmheastóirí de chuid an School Library Journal stíl Hartman mar aon le reacaireacht an chlosleabhair.[19][20]
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Seraphina sa bhabhta ceannais le haghaidh Governor General's Literary Award i gCeanada i2012 sa chatagóir Téacs do Pháistí.[21] Ar 28ú Eanáir 2013 fuair sé Duais William C. Morris, a bhronntar go bliantúil ar an leabhar is fearr do dhaoine óga fásta atá á fhoilsiú sna Stáit Aontaithe ó údar nua.[22] Bhí Seraphina ar an ngearrliosta do Waterstone's Children's Book Prize i 2013 sa chatagóir “leabhair do dhéagóirí”,[23], agus fuair sé an Duais Cybils le haghaidh an úrscéil fantaisíochta nó ficsin eolaíochta do dhaoine óga fásta.[24] Tháinig sé sa data áit i 2013 donWilliam L. Crawford Fantasy Award.[25] Cuireadh “Seraphina” ar an liosta fada sa Ríocht Aontaithe don CILIP Bonn Charnegie i 2013.[26] Bhí Seraphina ar an ngearrliosta freisin don Kitschies Golden Tentacle Award i 2012 agus an Duais Andre Norton.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "See the trailer and an excerpt from Seraphina by Rachel Hartman -- EXCLUSIVE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-22. Dáta rochtana: 2015-06-08.
- ↑ "Rachel Hartman | San Diego Comic-Con 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-03-12. Dáta rochtana: 2015-06-08.
- ↑ "NY Times Best Sellers (Children's Chapter Books) July 29, 2012".
- ↑ "OMG!".
- ↑ 5.0 5.1 "Rachel Hartman’s ‘Seraphina’: Rich tale about dragons".
- ↑ 6.0 6.1 "SDCC 2012: Interview with Rachel Hartman". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-22. Dáta rochtana: 2015-06-08.
- ↑ "Review: Seraphina".
- ↑ "Review: Seraphina".
- ↑ "What if Dragons were more like Vulcans who breathe fire?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-07. Dáta rochtana: 2015-06-08.
- ↑ "Audiobook Reviews: Seraphina".
- ↑ "Starred Reviews from the August 2012 Issue".
- ↑ "BCCB - September 2012 Stars".[nasc briste go buan]
- ↑ "Starred YA Book Reviews 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-19. Dáta rochtana: 2015-06-08.
- ↑ "SERAPHINA By Rachel Hartman (Author)".
- ↑ "Seraphina by Rachel Hartman REVIEW".
- ↑ "Seraphina by Rachel Hartman". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Aibreán 2014. Dáta rochtana: 8 Meitheamh 2015.
- ↑ "PW Picks: The Best New Books for the Week of July 9, 2012".
- ↑ "Children's Review: Seraphina".
- ↑ "Review: Seraphina". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Lúnasa 2012. Dáta rochtana: 8 Meitheamh 2015.
- ↑ "Multimedia Reviews: October 2012".
- ↑ "GG2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-07. Dáta rochtana: 2015-06-08.
- ↑ "American Library Association announces 2013 youth media award winners".
- ↑ "Waterstones Children's Book Prize 2013 - shortlists announced".
- ↑ "The 2012 Cybils Awards".
- ↑ "2013 Crawford Award".
- ↑ "Longlists announced for the CILIP Carnegie and Kate Greenaway Medals". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-07. Dáta rochtana: 2015-06-08.
Nascanna seachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rachel Hartman (oifigiúil)