Jump to content

Seiceáil paireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seiceáil phaireachta)

Is éard atá i gceist le seiceáil paireachta[1] ná modh simplí chun earráidí a bhrath i sonraí digiteacha tarchurtha. I ngach beart bíonn giotán paireachta a shocraítear chun cur in iúl an uimhir chorr nó réidh d'aonta atá ann. Déantar an giotán seo a sheiceáil nuair a ghlactar é chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil sé comhsheasmhach. Ní bhraithfidh sé seo gach earráid. Mar shampla, braithfidh má bhíonn giotán amháin mícheart, ach ní bhraithfidh má bhíonn dhá cheann mícheart. Inniu úsáidtear córais níos casta iontaofa den chuid is mó, cosúil le cóid Hamming.[2]

  1. “seiceáil paireachta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-05.
  2. Hussey, Matt (2011). "Seiceáil phaireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.