Seangán bán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSeangán bán
Isoptera Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdBlattodea
EpifamilyIsoptera Cuir in eagar ar Wikidata
Brullé, 1832

Feithid bheag shóisialta a thógann neadacha in adhmad lofa nó a dhéanann tulaigh talún a fhéadfaidh a bheith cuid mhaith méadar ar leithead, ag cuimsiú na milliún feithidí. Bíonn struchtúr sainaicmeach na coilíneachta forbartha go maith. Bíonn na seangáin oibre seasc de ghnáth, dall le heipideirm bhog bhán; na seangáin chogaidh seasc le cinn mhóra is gialla láidre; na seangáin fhásta (na hiomágónna) sciathánach is na foirmeacha atáirgeacha le súile cumaisc. Sa phutóg, tá baictéir neamhurchóideacha a chuireann ar a chumas ceallalós san adhmad a dhíleá. Timpeall 2,000 speiceas ann, agus is fadhb ollmhór eacnamaíochta iad sna trópaicí mar a ndéanann siad damáiste d'fhoirgnimh adhmaid is barra.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seangán bán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 589.