Seán Ó Mainnín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sean Ó Mainnín)
Jump to navigation Jump to search
Black boxing gloves.jpg

Dornálaí ab ea Seán Ó Mainnín (Sean Mannion) a rugadh i Snámh Bó, Ros Muc i gContae na Gaillimhe ar an 6 Deireadh Fómhair 1956.

Throid sé 57 uair, ag buachan 42 (14 "Knock-out"), chaill sé 14 (3 knock-out"), agus troid amháin a bhí ar chomh-scór. Mar sin throid sé i 440 babhta, le céatadán "knock out" de 24.56%. Chaith Seán go leor dena shaol idir Bostún, Mheiriceá agus Ros Muc. Faoi láthair tá sé ar ais i Ros Muc mar thraenálaí ar chlub dornálaíochta Mike Flaherty.

Ba é an troid i gcoinne Mike McCallum ar an 19 Deireadh Fómhair 1984, i Madison Square Garden, Nua Eabhrac, an troid ba mhó i saol dornálaíochta Sheáin. Ba le haghaidh an craobh mheánmheáchain an troid seo. Chaill sé an troid, áfach, ach tugtar creidiúint do Sheáin Ros Muc a chuir ar an mapa. Bhí ainm Ros Muc scríofa go hornáideach ar bhásta a dhráir dhornála. Mar seo, bhí ainm Ros Muc os comhair an tsaoil mhóir.