Seacht gCnoc na Róimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSeacht gCnoc na Róimhe
CineálGrúpa cnoic Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinAn Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Is gnách "cathair na seacht gcnoc" a thabhairt ar an Róimh, agus is iad Seacht gCnoc na Róimhe an seacht gcnoc atá suite taobh istigh de bhallaí na seanchathrach a théann siar go laethanta na hImpireachta:

  • Cnoc Aventinus (Béarla: Aventine, Iodáilis: Aventino). Fuair an cnoc seo a ainm ó Aventinus, rí Alba Longa de réir an stairsheanchais. Cathair ab ea Alba Longa, agus ba iad muintir Alba Longa a chuir bun le conradh cosanta na gcathrach Laidneach in aghaidh na nÉatrúscach,
  • Cnoc Caelius (Béarla: Caelian, Iodáilis: Celio). Deir Titus Livius go bhfuair an cnoc seo a ainm ó Caelius Vibenna, fear uasal Éatrúscach agus comhghuaillí de chuid Romulus.
  • Cnoc Capitolinus (Béarla: Capitoline, Iodáilis: Campidoglio nó, i stíl ath-Laidinithe, Capitolino). Ba é an cnoc seo seandaingean na Róimhe.
  • Cnoc Esquilinus (Béarla: Esquiline, Iodáilis: Esquilino). Is féidir gur tháinig ainm an chnoic ó exquilini, "easchathróirí", "muintir an bhruachbhaile", toisc nár dhearc muintir na Róimhe ar Esquilinus mar chuid de lár na cathrach i laethanta luathstaire na Róimhe. Níl ann ach ceann de na míniúcháin, áfach.
  • Cnoc Palatinus (Béarla: Palatine, Iodáilis: Palatino; d'úsáidtí an leagan Palatium sa Laidin chomh maith le Palatinus). As an logainm seo a fuarthas an focal "pálás" sa Ghaeilge agus sna teangacha eile.
  • Cnoc Quirinalis (Béarla: Quirinal, Iodáilis: Quirinale). Tá baint ag an logainm seo le quirites, a chiallaíonn "Rómhánaigh" sa chiall "cathróirí, saoránaigh" - tá blas na míleatachta agus na cogaíochta ar romani sa Laidin.

Deir an seanchas gurbh é Romulus a bhunaigh an Róimh ar Chnoc Palatinus.

Deirtear freisin go raibh bailte beaga ar fud na Seacht gCnoc ar dtús nach raibh mórán bainte acu le chéile agus nár ghnách dearcadh orthu mar chodanna de shlánaonad ní ba mhó ar a dtabharfaí "an Róimh". Thosaigh muintir na mbailte seo ag glacadh páirte i gcluichí reiligiúnacha in éineacht, agus in imeacht ama d'éirigh siad mór le chéile, agus mar sin chuaigh siad le chéile in aon phobal amháin. Dhraenáil siad na portaigh idir na cnoic agus rinne siad machairí margaidh, nó fora ("fóraim") díobh. Níos déanaí, sa 4ú haois RC, tógadh ballaí timpeall ar na Seacht gCnoc, is é sin, Ballaí Servius, a fuair a n-ainm ó Servius Tullius, séú Rí na Sean-Róimhe.