Scoláireacht Quercus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tagraíonn Scéim Quercus na Mac Léinn Cumasach do scoláireachtaí a chuirtear ar fáil do mhic léinn fo-chéime i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Is é Banc na hÉireann urraitheoir reatha na scéime, agus an comhlacht mótar Ford a bhí mar urraitheoir roimhe sin.

Scoláirí Quercus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronntar scoláireachtaí sna réimsí seo a leanas:

  • Scoláireachtaí Acadúla
  • Scoláireachtaí Spóirt
  • Scoláireachtaí um Shaorántacht Ghníomhach
  • Scoláireachtaí don Ealaíon Cruthaitheach agus Taibhrithe

Scoláireachtaí eile de chuid na Scéime[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta na bpríomhscoláireachtaí, bronntar Scoláireachtaí Iontrála orthu siúd a bhaineann ardmharcanna amach san Ardteistiméireacht agus Scoláireachtaí Coláiste orthu siúd a bhaineann sármharcanna amach ina réimsí staidéir féin. €500 an luach a bhain le Scoláireacht Choláiste i 2023.