Tor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sceach (planda))
Rosán

Planda adhmadach ilbhliantúil ar féidir é a idirdhealú ó chrann de bhrí go bhfuil sé níos lú agus go dtáirgeann géaga ag a bhun, nó gar dó. Le fírinne, níl an difríocht eatarthu chomh soiléir sin, agus is crainn bheaga cuid mhaith de na toim mhóra. Tá cuid mhaith tom atá an-bheag, adhmadach ag an mbun amháin, agus b'éasca dearmad a dhéanamh is iad a ionannú mar luibheanna, ach amháin nach meathann siad go leibhéal na talún sa gheimhreadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tom". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.