Scagphriontáil
Cuma
Is é rud is scagphriontáil ann ná teicníocht priontála ina mbrúitear dúch trí mhogall scagaire (déanta as síoda tráth, ach as fabraic shaorga de ghnáth anois). Bíonn an íomhá le priontáil mar fhoirm páipéir greamaithe ar an scagaire, curtha air de lámh nó trí phróiseas fótaimeicniúil. Úsáidtear an próiseas seo i gcuid mhaith feidhmeanna tráchtálacha priontála nuair a bhíonn fairisinge mhór le dathú i ndath amháin. Déantar uigí a mhaisiú leis an bpróiseas seo freisin, ar T-leinte, mar shampla.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scagphriontáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |