Saola
Jump to navigation
Jump to search
Saola | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||
| |||||||||||
Pseudoryx nghetinhensis | |||||||||||
![]() | |||||||||||
| |||||||||||
|
Ainmhí is ea an saola. Cineál anatalóip atá ann agus é gaolta leis na daimh, ba, agus gabhair. Maireann an saola sna hardáin agus sna sléibhte in Oirthear na hInd-Síne, i Laos agus i Vítneam. Ní raibh aon eolas ar an saola (seachas ag daoine áitiúla) go dtí an bhliain 1993, nuair a rinneadh suirbhé in Anaclann (nó Tearmann) Dúlra Vu Quang. ("Damh Vu Quang" a thugtar air an saola freisin.) Fuarthas adharca an tsaola agus eolas faoi ó lucht an cheantair úd. Cé go bhfuil grianghraif de ann anois, níl an saola feicthe beo ag aon eolaí go dtí an lá inniu.
![]() |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |