Sande
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Sande | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghearmáin | ||||
Stát sa Ghearmáin | an tSacsain Íochtarach | ||||
District of Lower Saxony (en) | Friesland (en) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,622 (2022) | ||||
• Dlús | 191.94 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 44.92 km² | ||||
Airde | 0 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 26452 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 04421 agus 04422 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | sande.de |
Bardasacht i dtuaisceart na Gearmáine is ea Sande.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Daonra: 9,300in Sande (bruachbhailte san áireamh), 5,000 in Sande amháin[1].
Baile beag réasúnta ciúin agus taitneamhach is ea Sande atá suite i dtuaisceart na Gearmáine, sa tSacsain Íochtarach (Niedersachsen as Gearmáinis). Freaslainn (Friesland as Gearmáinis) a thugtar ar an cheantar ina bhfuil sí. Is gearr den Mhuir Thuaidh í, agus tá tionchar mór ag an bhfarraige ar an mbaile seo.
Turasóirí i Sande
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is fiú é do thurasóirí cuairt a thabhairt do Sande. Tá dhá óstán ann, Hotel Auerhahn [2] i lár an bhaile agus Landhaus Tapken [3] ar an imeall. Tá árasáin féinfhreastail le fáil freisin, chomh maith le leaba & bricfeasta.
In Sande, tá go leor nádúr le feiceáil - baineann cuairteoirí taitneamh as siúlóidí tríd an sráidbhaile, ar na bealaí beaga a leanann an chanáil, agus timpeall an locha bhig ar thaobh amháin an sráidbhaile.
Tá cúpla músaem ann freisin, ceann faoi stáir chois fharraige[4] agus ceann faoin mbruachbhaile is stairiúla, Neustadtgödens (Baile Nua Gödens).[5]
Is féidir turais sa char a dhéanamh chuig na bailte beaga iascaireachta cois fharraige. Tá na hoileáin Fhreaslannacha le feiceáil ann freisin, le tránna le gaineamh chomh mín le plúr.
Ní féidir réigiún níos fearr a shamhlú chun rothaíocht a dhéanamh. Tá rothair le fáil ar cíos ann, agus tá bealaigh deasa sábháilte don rothaíocht ann. Níl sléibhte nó cnoic ann, agus mar sin, tá sé éasca na mílte a chlúdach ar rothar.
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Eaglais Naomh Magnus - fuirgneamh is sine in Sande, ón XIV aois
-
Teach i lár Sande
-
Comharthaí bóthair don rothaíocht
-
An chanáil
-
An loch
-
An trá san oileán Wangerooge
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://www.sande.de/rathaus/gemeindeportrait/daten-zahlen-und-fakten Curtha i gcartlann 2012-11-30 ar an Wayback Machine: 30/06/2011.
- ↑ ^http://www.auerhahn.de/hotel-sande/
- ↑ ^http://www.landhaustapken.de/ Curtha i gcartlann 2012-01-11 ar an Wayback Machine
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-21. Dáta rochtana: 2012-04-02.
- ↑ http://www.neustadtgoedens.de/[nasc briste go buan]