Samoset
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1590 |
| Bás | 1653 62/63 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | taoiseach treibhe |

Taoiseach de chuid na nAbenaki ab ea Samoset (nó Somerset freisin, c. 1590 – c. 1653) agus an chéad Mheiriceánach Dúchasach a rinne teagmháil le hOilithrigh Choilíneacht Plymouth. Bhain sé geit as na coilínigh ar an 16 Márta 1621, trí shiúl isteach i gCoilíneacht Plymouth agus beannú dóibh i mBéarla, ag rá "Welcome, Englishmen.".
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fo-cheannaire a bhí i Samoset ar threibh na nAbenaki Oirthearach, a raibh cónaí san áit ar a dtugtar Maine anois. Bhí campa iascaireachta Sasanach bunaithe i Murascaill Maine, áit a d'fhoghlaim Samoset roinnt Béarla ó iascairí a tháinig ag iascach amach ón oileán Monhegan, agus bhí sé in ann aithne a chur ar ar fhormhór na gcaptaen long áitiúil.[1]