Sìleas na Ceapaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSìleas na Ceapaich
Beathaisnéis
Breith1660
Loch Abar, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1729
68/69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban

Musicbrainz: 71753c51-8feb-48e8-970c-ecafbd0f27e4 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í Sìleas na CeapaichSìleas NicDhòmhnaill (c. 1660 - 1729) iníon Ghilleasbuig, Mhic 'ic Raghnaill, an 15ú taoiseach de Dhòmhnallaich na Ceapaich.

Phòs Sìleas Alasdair Gòrdanach agus chuaigh siad a chónaí i mBaile Dhòrnaidh, láimh le Hunndaidh. Tá seanbhallóga an tí le feiceáil fós ar an mbóthar idir Obar Dheathain agus Monadh Choinnich. Tá sé le tuiscint ó fhilíocht Shìleas go raibh cúigear mac acu agus triùr nó ceathrar iníon.

Amhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léiríonn a lán d’amhráin Shìleas claonadh láidir Seaicibíteach. Ina measc sin tá:

  • Do Fheachd Mhorair Màr
  • Òran air là Sliabh an t-Siorraim

Bhí creideamh láidir Caitliceach aice, rud a chuireann sí in iúl i gcuid de na hamhráin, ar nós:

  • Laoidh Mhoire Mhaighdeann

Taispeánann a cuid filíochta mórtas a cine, na Dòmhnallaich, agus mórtas a teaghlaigh féin, go háirithe sna píosaí seo:

  • Cumha Bàs a Fir agus a h-Ighne
  • Marbhrann air Bàs a Fir

Is léir ó íomhánna agus ó mheadaireacht fhilíocht Shìleas go raibh sí, mar iníon taoisigh, oilte i bhfilíocht na Gàidhlig. Tugann a cuid filíochta léargas dúinn freisin ar ghnóthaí na mban, ag tabhairt comhairle d’iníon faoi chora an tsaoil, faoi chúrsaí cúrsaí pósta agus creidimh agus faoi bhás clainne, agus ina theannta sin ag léiriú an dearcaidh a bhí ag daoine i leith imeachtaí móra na linne. Féach “Òran do Alasdair Ghlinnne Garadh”:

Alasdair à Gleanna Garadh,
Thug thu an-diugh gal air mo shùilean;
's beag iongnaidh mi bhith trom chreuchdach:
's tric ga reubadh as ùr sinn.
dearcair dhomhsa bhith gan osnaich
's meud an dosgainn th' air mo chàirdean;
's tric an t-eug oirnn a' gearradh,
taghadh nan darag as àirde...

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá filíocht Shìleas cruinnithe ag Colm Ó Baoill in Bàrdachd Shìlis na Ceapaich (Scottish Gaelic Texts Society, 1972)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]