Jump to content

Séipéal an tSlánaitheora, Cathair Phort Láirge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séipéal an tSlánaitheora, Cathair Phort Láirge
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálEaglais Cuir in eagar ar Wikidata

Is teach pobail é Séipéal an tSlánaitheora, atá suite ar Shráid an Droichid i gCathair Phort Láirge. Bhí Séipéal an tSlánaitheora faoi chúram na mBráthar Doiminiceach ar dtús. Ó mhí na Samhna 2022 i leith tá sé faoi chúram Servant priests of the Home of the Mother, tar éis do na Doiminicigh Port Láirge a fhágáil.

Dhear George Goldie an teach pobail sa stíl Iodálach, idir na blianta 1874 agus 1876 agus choisric John Power Easpag Phort Láirge agus an Leasa Móire é an 2ú Nollaig 1877 le cúnamh ón Ardeaspag Tomás Cróc Ardeaspag Chaisil (a thug a ainm do Pháirc an Chrócaigh) agus William FitzGerald, Easpag Anglacánach Chill Dalua agus Chluain Fearta.

Tháinig na Doiminicigh go Port Láirge den chéad uair sa bhliain 1226, agus thóg siad a séipéal agus a mhainistir i 1235 ar a dtugtar Mainistir na mBráithre Dubha. Tá Cloigtheach Mhinistir na mBráithre Dubha fós ann inniu tar éis don mhinistir a bheith bainte de na Doiminicigh, sa 16ú hAois le linn an Reifirméisin. D’athbhunaigh na Doiminicigh iad féin i bPort Láirge sa 19ú hAois i Sráid an Droichid.