Séacla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An séalca Palaemon serratus den infriord Caridea

Úsáidtear an téarma séalca chun tagairt a dhéanamh do roinnt crustach deiceapódach, cé gur féidir leis na hainmhithe beachta a chlúdaítear a bheith éagsúil. Tríd is tríd, cuimsíonn séaclaí aon cheann de na grúpaí a bhfuil colainn fadaithe orthu agus príomhmhodh gluaiseachta snámha - Caridea agus Dendrobranchiata go hiondúil. I roinnt réimsí, áfach, úsáidtear an téarma níos cúinge agus d'fhéadfadh sé a bheith teoranta do Caridea, do speicis níos lú de cheachtar ghrúpa nó do speicis mhuirí amháin. Faoin sainmhíniú níos leithne, d’fhéadfadh gurbh ionann an séalca agus cloicheáin, ag clúdach crústaigh snámha a bhfuil súile ar ghais orthu agus eireabaill mhóra chaola (abdómain), féasóga fada (aintéiní) agus cosa caola. [1] Is gnách go dtugtar cloiceán ar chrústach beag ar bith atá cosúil le séalca. [2] Snámhann siad ar aghaidh trí dul ag lapadaíl le snámhacháinar an gcuid íochtair dá gcuid abdoman, cé go ndéantar a bhfreagra ar éalú trí roptha go mion minic a thabhairt dá eireaball ag tiomáint siar iad go han-tapa. Tá cosa siúil láidre ag portáin agus gliomaigh , ach tá cosa tanaí leochaileacha ag séalcaí a úsáideann siad go príomha le haghaidh seasaimh. [3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Shrimp Encyclopædia Britannica . Aisghabháil 20 Lúnasa 2012.
  2. Rudloe & Rudloe (2009)
  3. Rudloe & Rudloe (2009), lgh. 15-26.