Ultimate

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sár-fhriosbaí)
Infotaula d'esportUltimate
Cineálspórt diosca eitilte
Cruthú1968
Líon uasta imreoirí14

Is spórt foirne a imrítear le diosca eitilte (nó frisbee) é Ultimate (nó sárfhriosbaí). Chruthaigh grúpa mac léinn in Ardscoil Columbia i Maplewood, Nua-Gheirsí an spórt sa bhliain 1968.[1] Cé gur spórt traidisiúnta é ó thaobh riachtanas lúthchleasaíochta, níl sé cosúil le spóirt eile toisc nach bhfuil réiteoirí ann go ginearálta, fiú ag na leibhéil iomaíochta is airde. Ina ionad sin, braitheann Ultimate ar chothrom na Féinne agus cóimheas idir na himreoirí, coincheap bunúsach ar thug seanfhondúirí an spóirt The Spirit of the Game air.[2][3]

Scóráiltear pointí tríd an diosca a chur ar aghaidh chuig comhimreoirí i gcrios deiridh na foirne eile. Rialacha bunúsacha eile ná nach féidir le himreoir céimeanna a thabhairt agus an diosca ina sheilbh, agus tarlaíonn aistriú seilbhe tar éis pas a bhuaileann an talamh, a théann as an imirt, nó a sciobann an fhoireann eile.

Ultimate

Is trádmharc cláraithe de chuid an chomhlachta Wham-O é an téarma Frisbee, agus dá bhrí sin seachnaítear an t-ainm “Ultimate Frisbee” (agus fiú “sárfhriosbaí” i nGaeilge), cé go bhfuil sé fós in úsáid choitianta neamhfhoirmeálta.[4]

Ultimate in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an spórt ag fás go tapa in Éirinn, leis na mílte duine á imirt timpeall na tíre. Bhain foireann náisiúnta sinsear na mban Craobhchomórtas na hEorpa sa bhliain 2019, agus eagraíodh fáiltiú don fhoireann ina dhiaidh sin in Áras an Uachtaráin leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn.[5] Tá foireann lán-Ghaeilge amháin in Éirinn, darb ainm “Plámás”.[6]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]