Sábado Gigante

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Don Francisco (Mario Kreutzberger), láithreoir Sábado Gigante

Clár teilifíse Spáinnise is ea Sábado Gigante (Gaeilge: "Satharn ábhalmhór") nó Sábado Gigante Internacional. Univisión, sna Stáit Aontaithe, a chraolann é sa tír úd agus suas le 45 comhlacht craolta a chraolann é i dtíortha eile. Is é an clár is faide a chraolta de chuid Univisión agus go deimhin is é an clár ilsiamsa teilifíse is faide craolta i stair theilifíse an domhain de réir an Guinness Book of World Records. Bíonn idir chomórtais, agallaimh agus siamsaíocht bheo le linn na trí huaire a mhaireann gach seó seachtainiúil.

Cuireadh tús le Sábado sa bhliain 1962 sa tSile le Mario Kreutzberger (r. 28 Nollaig 1940 i Nalca na Sile) mar fhear a' tí faoin ainm stáitse Don Francisco. Bhí Pedro de Pool mar chomh-léiritheoir le Don Francisco sna blianta 1986–1991. Ghlac Javier Romero an pháirt sin mar chomharba ar de Pool. Sa bhliain 1986 d'aistrigh Kreutzberger suíomh an chláir go Miami, Florida agus thosaigh Univisión á léiriú. Maireann gach craolachán trí huaire a chloig. Nuair a bhí an clár ar bharr a réime sna 1970idí agus 80idí, mhaireadh an clár suas le 8 n-uaire a chloig gach Satharn. Ar 17 Aibreán 2015, d'fhógair Univisión go mbeadh deireadh le Sábado Gigante ar iarratas Kreutzberger, atá 74 bliana d'aois.[1] Ar 19 Meán Fómhair 2015 cuireadh an seó deireanach ar an aer faoin teideal "Sábado gigante: Hasta siempre". [2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.usatoday.com/story/life/tv/2015/04/17/univision-cancels-sabado-gigante-variety-show/25931993/
  2. Univisión (17 de abril de 2015). «Comunicado de Univision sobre fin de temporada de Sábado Gigante». Consultado el 17 de abril de 2015.