Roonysvaie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRoonysvaie

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°05′12″N 4°38′02″W / 54.08654205°N 4.63383368°W / 54.08654205; -4.63383368

Is áit i Skeerey Malew, Oileán Mhanann í Roonysvaie (Béarla: Ronaldsway). Tá sé suite i ndeisceart an oileáin idir Balley Sallagh agus Balley Chashtal. Tá aithne ar an áit de bharr go bhfuil Aerfort Oileán Mhanann suite ann. Sna seanlaethanta bhí RNAS Ronaldsway ann chomh maith.

Ba shuíomh Cath Roonysvaie é freisin, nuair a chuir fórsaí Albanacha deireadh le héirí amach na Manannach sa bhliain 1275.