Ronnach
| Scomber scombrus | |
|---|---|
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 170354 |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Chordata |
| Aicme | Actinopteri |
| Ord | Scombriformes |
| Fine | Scombridae |
| Treibh | Scombrini |
| Géineas | Scomber |
| Speiceas | Scomber scombrus Linnaeus, 1758 |
Is iasc peiligeach é an ronnach[1] (maicréal i gCúige Mumhan nó murlas i gCúige Uladh, i dtuaisceart na Gaillimhe agus i Maigh Eo). Tá roinnt speiceas éagsúil den ronnach ann ach is é ronnach an Atlantaigh (Scomber scombrus) an ceann is coitianta a rugtar air timpeall chósta na hÉireann.
Tá ronnach an Atlantaigh coitianta ar an dá thaobh de thuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bíonn ráthanna ronnach an-choitianta gar don chósta i rith an tsamhraidh, áit a bhíonn siad á bheathú féin ar éisc bheaga.
Bia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tóir mhór ar an ronnach mar bhia. Tá blas láidir uaidh. Tá méid mór vitimín B12 agus Omega 3 ann i gcomparáid le bia eile. Neamhchosúil leis an Rí Ronnach agus an Ronnach Spáinneach, níl mórán meircair i Ronnach an Atlantaigh agus thig é a ithe dhá uair sa tseachtain de réir eolaithe.
- ↑ ““Scomber scombrus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.