Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Roibeard Mac Ádhaimh |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1808 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 3 Eanáir 1895 86/87 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Foras Ollscolach Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, seandálaí, béaloideasóir |
Fear gnó agus duine de Ghaeilgeoirí móra Preispitéireacha Oirthear Uladh ab ea Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh nó Robert Shipboy McAdam (1808-1895).[1] [2] Rugadh Roibeard sa tSráid Ard i lár Bhéal Feirste agus chuir sé go mór leis an ghluaiseacht chultúir agus léinn a bhí ag bláthú sa chathair ó dheireadh an 18ú haois. Chaith sé a shaol ag obair ar son chúis na Gaeilge agus chun athmhuintearas a chur chun cinn. Ar a bharr sin ba thionsclaí mór é - ba leis féin agus lena dhearthóir James an Soho Foundry ar Shráid Townsend, áit a raibh breis agus 250 fear fostaithe ann. [3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh i mBéal Feirste é, agus b'iad a thuismitheoirí James MacAdam, tráchtálaí crua-earraí, agus Jane Shipboy nó Shipbuoy ó Chúil Raithin.
Fuair Roibeard óg cuid dá oideachas in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste, ach is é an chuma atá ar an scéal gur fear féinteagasctha a bhí ann, an chuid is mó. Is dócha nach raibh sé á thógáil le Gaeilge, ach mar sin féin, bhí an teanga agus cuid mhór amhrán ag a uncail. Deir Ó Buachalla go raibh an Ghaeilge timpeall air i ngach aon treo agus é ag fás suas, ar scoil, sa tsráid, i measc a chomharsan agus a chairde agus i measc a mhuintire féin.
Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Roibeard ag cabhrú lena athair i gcúrsaí gnó mar phrintiseach, ach fuair James bás nuair nach raibh a mhac ach ina ghearrstócach trí bliana déag.
A luaithe a d’fhág sé an scoil bhí sé de chúram ar Roibeard bheith ag taisteal Chúige Uladh ag díol earraí iarainn, agus sa taisteal dó is ea a bhailíodh sé lámhscríbhinní, béaloideas agus amhráin. Sa bhliain 1835, hunaigh Roibeard agus a dheartháir James monarcha, an Soho Foundry.
Thaistil sé Cúige Uladh ar fad ar lorg oibre nó slí bheatha de chineál éigin.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Ghaeilge go géar de dhíobháil air ar a chamruathar, ós rud é gurb í an t-aon teanga amháin a bhí á labhairt i gcuid mhór de na háiteanna a ghnáthaigh sé.
D'fhoghlaim sé caint na ndaoine go paiteanta, agus tháinig tuiscint aige ar fhiúntas cultúrtha na teanga. Cé go raibh sé tiomanta don tionsclaíocht, thuig Roibeard go raibh oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh i mbaol ag an am agus thug sé faoin teanga a chaomhnú. Thosaigh sé ar lámhscríbhninní agus ar ábhar eile Gaeilge a bhailiú agus a chóipeáil. B'eisean a chuir i dtoll le chéile an chéad díolaim de sheanscéalta Gaeilge na cosmhuintire.
Sa bhliain 1835, chuir Mac Ádhaimh agus Tomás Ó Fiannachtaigh graiméar ar fáil.[4] D'oibrigh sé go dlúth le scríobhaí agus file as Co. na Mí, Aodh Mac Domhnaill (1802 - 1867), agus bhunaigh sé gréasán teagmhálaithe ar fud na cúige.
Ba iad Mac Ádhaimh agus a dheartháir a bhunaigh an Ulster Journal of Archaeology sa bhliain 1853.
Theip ar an monarcha sa deireadh agus bhí Mac Ádhaimh bochtaithe go mór faoin am a fuair sé bás. Ní raibh i láthair ag a shochraid go reilig Chnoc Bríde ach a ghaolta agus cúpla duine eile.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A.J. Hughes - Robert Shipboy MacAdam (1808-95): his life and Gaelic proverb collection (1998).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC ÁDHAIMH, Roibeard (1808–1895) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Roger Blaney (1996). "COLLECTOR of the IRISH LITERATURE ó "Presbyterians and the Irish Language"". web.archive.org / mcadamshistory.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-27. Dáta rochtana: 2024-10-08.
- ↑ Eilís Nic Lochlainn / Meon Eile (8 DF 2024). "Athbheochan agus Athmhuintearas - Léacht ar shaol agus ar shaothar Roibeard Mac Ádhaimh". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-10-08.
- ↑ An introduction to the Irish language intended for the use of the Irish classes in the Royal Belfast Academical Institution (1835).