Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1808 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 3 Eanáir 1895 86/87 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Foras Ollscolach Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, seandálaí, béaloideasóir |
Duine de Ghaeilgeoirí móra Preispitéireacha Oirthear Uladh ab ea Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh nó Robert Shipboy McAdam (1808-1895).[1][2] Saolaíodh i mBéal Feirste é, agus b'iad a thuismitheoirí James MacAdam, tráchtálaí crua-earraí, agus Jane Shipboy nó Shipbuoy ó Chúil Raithin.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair Roibeard óg cuid dá oideachas in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste, ach is é an chuma atá ar an scéal gur fear féinteagasctha a bhí ann, an chuid is mó. Is dócha nach raibh sé á thógáil le Gaeilge, ach mar sin féin, bhí an teanga agus cuid mhór amhrán ag a uncail. Deir Ó Buachalla go raibh an Ghaeilge timpeall air i ngach aon treo agus é ag fás suas, ar scoil, sa tsráid, i measc a chomharsan agus a chairde agus i measc a mhuintire féin.
Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Roibeard ag cabhrú lena athair i gcúrsaí gnó mar phrintiseach, ach fuair James bás nuair nach raibh a mhac ach ina ghearrstócach trí bliana déag.
A luaithe a d’fhág sé an scoil bhí sé de chúram ar Roibeard bheith ag taisteal Chúige Uladh ag díol earraí iarainn, agus sa taisteal dó is ea a bhailíodh sé lámhscríbhinní, béaloideas agus amhráin. Sa bhliain 1835, hunaigh Roibeard agus a dheartháir James monarcha, an Soho Foundry.
Thaistil sé Cúige Uladh ar fad ar lorg oibre nó slí bheatha de chineál éigin.
Bhí an Ghaeilge go géar de dhíobháil air ar a chamruathar, ós rud é gurb í an t-aon teanga amháin a bhí á labhairt i gcuid mhór de na háiteanna a ghnáthaigh sé.
D'fhoghlaim sé caint na ndaoine go paiteanta, agus tháinig tuiscint aige ar fhiúntas cultúrtha na teanga. Mar sin, thosaigh sé ag bailiú lámhscríbhinní agus seanscéalta Gaeilge. B'eisean a chuir i dtoll le chéile an chéad díolaim de sheanscéalta Gaeilge na cosmhuintire.
Sa bhliain 1835, chuir Mac Ádhaimh agus Tomás Ó Fiannachtaigh graiméar ar fáil.[3]
Ba iad Mac Ádhaimh agus a dheartháir a bhunaigh an Ulster Journal of Archaeology sa bhliain 1853.
Theip ar an monarcha sa deireadh agus bhí Mac Ádhaimh bochtaithe go mór faoin am a fuair sé bás. Ní raibh i láthair ag a shochraid go reilig Chnoc Bríde ach a ghaolta agus cúpla duine eile.
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- A.J. Hughes - Robert Shipboy MacAdam (1808-95): his life and Gaelic proverb collection (1998).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC ÁDHAIMH, Roibeard (1808–1895) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ http://www.mcadamshistory.com/tiki-read_article.php?articleId=377
- ↑ An introduction to the Irish language intended for the use of the Irish classes in the Royal Belfast Academical Institution (1835).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |