Robert Pope (cianreathaí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Pope

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtréidlia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Is tréidlia agus cianreathaí[1] Sasanach é Robert Pope (a rugadh sa bhliain 1977).

Ar 6/7 Lúnasa 2022, rith Pope leithead Oileán na hÉireann i níos lú ná 24 uair. Thosaigh sé i gCathair na Gaillimhe ag an bPóirse Spáinneach agus chríochnaigh sé an cúrsa i mBaile Átha Cliath ag Droichead Samuel Beckett, fad 215 ciliméadar laistigh de 23 uair agus 39 nóiméad.[2][3] Thosaigh Pope le pionta Guinness roimh an rith agus chríochnaigh sé é le ceann eile san ardchathair, agus fuair Guinness, a urraitheoir, poiblíocht go leor..[4][5]

Ní raibh ach dhá mhí aige le traenáil a dhéanamh, a dúirt Pope, agus an urraíocht a lorg. D’úsáid sé an rith chun airgead a thiomsú don World Wildlife Foundation.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. reathaí fadraoin
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (13 Lúnasa 2022). "Nuacht Mhall" (ga-IE). Anchor. Dáta rochtana: 2022-08-13.
  3. Robert Pope (7 Lúnasa 2022). "Pope ar Twitter" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2022-08-13.
  4. "Robert Pope: Guinness-fuelled man runs width of Ireland in a day" (en-GB). BBC News (2022-08-10). Dáta rochtana: 2022-08-13.
  5. "British ultramarathoner downed a pint of Guinness and then ran across Ireland" (en). NPR.org. Dáta rochtana: 2022-08-13.